Legislator Case Law & Legislation
2011_si_595 IE

S.I. No. 595/2011 - Road Traffic Act 2010 (Fixed Penalty Notice - Drink Driving) Regulations 2011.

5 Articles / Provisions · Ireland
Open official source Machine-readable Markdown (.md)

Statutory Text (5 Articles)

ISB SI

1. I leith an chiona a líomhnaítear san fhógra seo, féadfaidh tú, le linn na tréimhse 28 lá dar tús dáta an fhógra seo, muirear seasta €200/€400* a íoc (*scrios de réir mar a oireann).

ISB SI

2. Ní mór an fógra seo ina iomláine, agus é comhlánaithe go hiomlán agus ar an modh a luaitear thíos, a bheith in éineacht le híocaíocht maidir le muirear seasta faoin bhfógra seo.

ISB SI

3. Ní ionchúiseofar thú—

(

a

) le linn na tréimhse 28 lá ó dháta an fhógra seo, nó

(

b

) ar chor ar bith, má dhéantar an íocaíocht cheart, de réir an fhógra seo, a íoc le linn na tréimhse sin i leith an chiona a shonraítear san fhógra seo.

ISB SI

4. (1) Más rud é, le linn na tréimhse sin 28 lá dar tús dáta an fhógra seo, go ndéanann tú méid ceart an mhuirir sheasta a íoc de réir an fhógra seo [déanfar 3 phointe pionóis a fhormhuiniú ar an iontráil sa taifead ceadúnais tiomána a bhaineann leat/dícháileofar tú ó cheadúnas tiomána a shealbhú ar feadh 3 mhí/6 mhí]* (*scrios de réir mar a oireann).

(2) Más rud é nach n-íocann tú an muirear seasta amhlaidh, féadfar tú a ionchúiseamh mar gheall ar an gcion líomhnaithe agus má chiontaítear tú dlífear, ar chiontú achomair, fíneáil nach mó na €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur ort. Dlífear freisin ordú dícháiliúcháin iarmhartach a dhéanamh maidir leat faoi Alt 26 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 (arna leasú).

Ná comhlánaigh an roinn seo ach amháin i gcás ina bhfuil an muirear seasta á íoc agat. Ná scoith an roinn seo den fhógra seo.

Roinn an Dearbhaithe

(Níl feidhm ag an roinn seo ach amháin i gcás ina bhfuil an muirear seasta dá dtagraítear san fhógra seo á íoc agat. Má tá an muirear sin á íoc agat, ní mór duit an dearbhú thíos a shíniú agus ní mór duit sonraí faoi do cheadúnas tiomána a thabhairt, murach sin ní ghlacfar le d’íocaíocht.) De réir alt 29(21) d’Acht 2010, folaíonn “ceadúnas tiomána” cead foghlaimeora.

Is eol dom ábhar an fhógra seo, tá na mionsonraí thíos as mo cheadúnas tiomána líonta isteach agam agus tá íocaíocht €______________ á tíolacadh agam in éineacht leis an bhfógra seo.

Síniú: ______________ Dáta:______________ /______________ /______________

Uimhir an Cheadúnais Tiomána

(Is é atá in uimhir an cheadúnais ar cheadúnas Éireannach ná an líon i gcló dubh ar an gcéad leathanach den cheadúnas ar chlé ón ngrianghraf).

An cineál ceadúnais

Éireannach ______________ Neamh-Éireannach ______________

Réamhainm(neacha)

Mar atá sa cheadúnas ______________

Sloinne

Mar atá sa cheadúnas ______________

An Modh Íocaíochta

(Cuir isteach an modh íocaíochta agus an áit ina bhfuil an íocaíocht le déanamh)

NÓTAÍ

Critéir Cháilitheachta

(i) Ní dhlitear fógra pionóis sheasta a sheirbheáil ort más rud é, tráth déanta an chiona líomhnaithe, nach sealbhaíonn tú ceadúnas tiomána nó cead foghlaimeora atá i bhfeidhm de thuras na huaire nó go bhfuil tú dícháilithe chun ceadúnas tiomána a shealbhú.

(ii) Más rud é gur seirbheáladh fógra pionóis sheasta ort roimhe seo faoi alt 29 (tiomáint faoi thionchar dí) agus gur íoc tú an muirear seasta, ní dhlitear fógra pionóis sheasta eile a sheirbheáil ort laistigh den tréimhse 3 bliana ón dáta cuí i ndáil le pointí pionóis a fhormhuiniú ar an iontráil a bhaineann leat nó ó dháta thosach feidhme an dícháiliúcháin, cibé acu is infheidhme, tar éis an muirear seasta a íoc de réir an fhógra.

(iii) Más rud é nach ndlitear díot an muirear seasta a íoc agus gurb eol duit, nó gur chóir sna himthosca gurbh eol duit le réasún, nach ndlitear díot an muirear seasta a íoc, agus go n-íocann tú an muirear nó go bhféachann tú lena íoc, déanann tú cion agus dlífear, ar tú a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 1 mhí, nó iad araon, a chur ort.

Duine Sonraithe*

Is é atá in “duine sonraithe” ná duine de réir bhrí alt 3 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2010.

Pointí Pionóis*

Má íocann tú an muirear seasta déanfaidh an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt fógra a chur chugat faoin dáta a ndéanfar na pointí pionóis iomchuí a iontráil ar an taifead a bhaineann le do cheadúnas tiomána.

Fógra faoi Dhícháiliúchán agus an Ceadúnas Tiomána a chur faoi bhráid an údaráis ceadúnúcháin*

Má íocann tú an muirear seasta déanfaidh an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt fógra a chur chugat faoi dháta thosach feidhme thréimhse an dícháiliúcháin chun ceadúnas tiomána a shealbhú agus beidh ort, laistigh de 14 lá ó dháta thosach feidhme an dícháiliúcháin, do cheadúnas tiomána a chur faoi bhráid an údaráis ceadúnúcháin a dheonaigh an ceadúnas.

(*scrios de réir mar a oireann)

GIVEN under my Official Seal,

17 November 2011.

LEO VARADKAR,

Minister for Transport, Tourism and Sport.

EXPLANATORY NOTE

(This note is not part of the Instrument and does not purport to be a legal interpretation.)

These Regulations prescribe the form of the notice and document to be used in the enforcement of certain drink driving offences under

section 29

of the

Road Traffic Act 2010

[i.e. where the level of alcohol does not exceed 100 milligrammes of alcohol per 100 millilitres of blood (and urine and breath equivalents)]. Where a driver is eligible to avail of a fixed penalty notice and following the payment of a fixed charge, penalty points or a disqualification will be applied, thereby avoiding having to go before the Courts.

ISB SI

Notice of the making of this Statutory Instrument was published in

“Iris Oifigiúil” of

22

nd November

, 2011.

I, LEO VARADKAR, Minister for Transport, Tourism and Sport, in exercise of the powers conferred on me by

section 5

of the

Road Traffic Act 1961

(No. 24 of 1961) and

section 29

of the

Road Traffic Act 2010

(No. 25 of 2010) (as adapted by the Transport (Alteration of Name of Department and Title of Minister) Order 2011 (

S.I. No. 141 of 2011

)), hereby make the following regulations

Need to analyze how this provision applies to your matter?

Cross-reference this statute against case law, commentaries, and related legislative provisions inside Legislator AI.

Open in Legislator →