Legislator Case Law & Legislation
IEHC 376 ECLI:IE:HC:2025:376 AI generated

High Court dismisses ex parte application to quash order for leave to appeal due to lack of reasonable cause.

Case Number IEHC 376
Court / Authority
Jurisdiction Ireland (IE)
Decision Date
Outcome Dismissed

Legislator summary

AI generated

The High Court dismissed the applicant's ex parte application to quash an order granting leave to appeal. The applicant argued that the Minister failed to fulfill statutory duties regarding court service resources and language rights, but the court found no reasonable cause for the order. Consequently, the court exercised its inherent jurisdiction to quash the order and restore the proceedings.

Legislator headnote

AI generated

Rules of the Superior Courts, Rule 28; inherent jurisdiction of the court: An ex parte application to quash an order granting leave to appeal will fail if the applicant cannot demonstrate reasonable cause, as such applications are intended to filter out frivolous claims and protect the integrity of the judicial process.

Keywords

AI generated
ex parte application leave to appeal reasonable cause inherent jurisdiction quashing order frivolous claim Superior Courts Rules

Cited Legislation

AI generated

Cited Case Law

AI generated

Need to analyze how this precedent applies to your matter?

Cross-reference this judgment against statutes, commentaries, and subsequent citing case law inside Legislator AI.

Open in Legislator →

Full text

AN ARD-CHÚIRT

[2025] IEHC 376

Uimhir Taifid. 2024/1344 AB

Idir

DIARMAID Ó CADHLA

Iarratasóir

agus

AN tAIRE DLÍ AGUS CIRT AGUS COMHIONANNAIS, AN tSEIRBHÍS CHÚIRTEANNA agus AN STIÚRTHÓIR IONCHÚISEAMH POIBLÍ

Freagróirí

Breithiúnas ón mBreitheamh Conor Dignam arna thabhairt an 4ú Iúil 2025

1. Thug mé cead don iarratasóir chun iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach ar an 31ú Deireadh Fómhair 2024. Rinneadh an t-iarratas seo go ex parte.

2. Iarrann an freagróir céad–ainmnithe (“an tAire”) ordú chun na himeachtaí a dhíbhe faoi Ordú 19, Riail 28 de Rialacha na nUaschúirteanna, nó faoi dhlínse inghreamaithe na Cúirte. Glacann sé leis nach bhfuil Ordú 19, Riail 28 ró-oiriúnach i gcás athbreithnithe bhreithiúnaigh agus cuireann sé níos mó béime ar dhlínse inghreamaithe na Cúirte, ach go háirithe dlínse na Cúirte chun an cead a chur ar leataobh. Go bunúsach, maíonn an tAire nach mbaineann na faoisimh a ceadaíodh leis, nach bhfuil sé freagrach as na hábhair a luaitear sna faoisimh (nó na forais a mbaineann leo) agus mar sin, nach nochtann na himeachtaí cúiseanna réasúnta ina choinne, nó nach bhfuil seans dá laghad ag na himeachtaí ina choinne.

3. Iarratas neamhchoitianta is ea an t-iarratas seo i gcomhthéacs athbreithnithe bhreithiúnaigh, mar de ghnáth oibríonn an riachtanas chun cead na Cúirte a fháil mar scagaire. Nuair a bhíonn an Chúirt ag deileáil le hiarratas ar chead le haghaidh athbhreithnithe bhreithiúnaigh, caithfidh an Chúirt a bheith sásta go bhfuil cás inargóinte cruthaithe ag an iarratasóir, agus dá bhrí sin, socraítear go bhfuil caingean dlí réasúnta leagtha amach aige. Mar sin féin, toisc go ndéantar iarratas um chead go ex parte, d’fhéadfadh go mbeadh pointí nár mheas an Chúirt a thug cead, agus cead á thabhairt aici. Is minic a dhéantar iarratais chun cead ar athbhreithniú breithiúnach a chur ar leataobh mar gheall ar neamhnochtú áirithe ag an gcéim ex parte. Ní hé sin bunús an iarratais seo, ach tá sé soiléir go mbaineann an dlínse seo le cásanna nach bhfuil cúis réasúnta leagtha amach iontu, agus dá bhrí sin, go bhfuil teip chinnte i ndán dóibh freisin. (Féach, mar shampla ar bhreithiúnas Kelly Br. sa chás Adams v Director of Public Prosecutions [2001] 2 ILRM 401, McGuinness Br. sa chás Adam v The Minister for Justice [2001] 3 IR 53, agus Fennelly Br. sa chás Gordon v Director of Public Prosecutions [2002] 2 IR 369).

4. Dlínse í seo a chaithfear a chleachtadh go hannamh agus i gcásanna eisceachtúla amháin. Sa chás Gordon v DPP, dúirt Fennelly Br.:

“The leave procedure was intended to provide a filtering process, a protection against frivolous or vexatious applications. The judge at the ex parte stage will scrutinise applications for leave. Obviously his decisions will not always be right. Hence the need to permit applications to be set aside, where clearly unmeritorious applications have slipped through the net. There is also a need to be able to set aside orders made where there has been a failure by the applicant to observe the principle of utmost good faith, of which the present case is not an example. On the other hand, to permit this option as a pre-emptive hearing of the substantive trial would defeat the whole purpose of the judicial review machinery for all the reasons given by McGuinness J and Bingham LJ [in ex p. Chinoy]”

5. Dúirt Peart Br. sa chás Leonard v Dublin City Council [2007] IEHC 404 go bhféadfadh cúirt an dlínse chun cead a chur ar leataobh a úsáid más rud é go bhfuil an Chúirt sásta nach bhfuil cúis réasúnta leagtha amach, nó go bhfuil teip chinnte i ndán do na himeachtaí.

6. Níor áitíodh le linn an iarratais seo nach raibh dlínse ag an gCúirt chun na hordaithe atá á lorg ag an Aire a dhéanamh, pé scéal é. In ionad sin, chuir an t-iarratasóir i gcoinne an iarratais ar bhonn ábhar an iarratais.

7. Táim den tuairim go gcaithfear na bunphrionsabail a ghabhann le hiarratais chun imeachtaí a dhíbhe a chur i bhfeidhm. Tá na bunphrionsabail seanbhunaithe faoin tráth seo, (féach, mar shampla ar na cásanna seo a leanas, Barry v Buckley [1981] IR 306, Salthill Properties Limited v Royal Bank of Scotland plc [2009] IEHC 207, Lopes v Minister for Justice, Equality and Law Reform [2014] IESC 21, Keohane v Hynes [2014] IESC 66, Clarington Developments Limited v HCC International Insurance Company plc [2019] IEHC 630, Kearney v Bank of Scotland [2020] IECA 92). Tá na bunphrionsabail seo, go háirithe i gcómhthéacs dlínse inghreamaithe na cúirte, leagtha amach ag an gCúirt Achomhairc sna cásanna Scotchstone Capital Fund Ltd & anor v Ireland & anor [2022] IECA 23, agus McAndrew v Launceston Property Finance DAC & anor [2023] IECA 43.

8. Go hachomair, bíonn an dlínse seo (cibé acu faoi Ordú 19 riail 28 nó faoi dhlínse inghreamaithe na cúirte) faoi réir na bprionsabal cuimsitheacha seo a leanas. I dtús báire, de ghnáth ba cheart go dtriailtear imeachtaí, agus níor chóir triail a dhiúltú do dhuine ach amháin má tá sé soiléir nach bhfuil aon bhaol éagóra i gceist le déanamh amhlaidh. An dara prionsabal ná gur chóir an dlínse seo a úsáid go neamhchoitianta, ós rud é go mbaineann sí le ceart rochtaine ar na cúirteanna. An tríú prionsabal ná go gcaithfidh an páirtí tionscnaimh a léiriú nach bhfuil cúis réasúnta leagtha amach, nó nach bhfuil seans dá laghad ag na himeachtaí, nó gur imeachtaí gan fiúntas iad, go bhfuil teip chinnte i ndán dóibh nó gur mí-úsaid ar an gcóras cúirteanna atá i gceist. An ceathrú prionsabal ná go dtugtar an léamh is treise ar argóintí an ghearanánaí i machnamh na Cúirte. An cúigiú prionsabal ná go gcaithfidh an Chúirt a bheith sásta nach bhfuil seans dá laghad ag an ngearánaí, agus ar deireadh, caithfidh an Chúirt a bheith sásta nach bhféadfaí cás an ghearánaí a fheabhsú le leasú oiriúnach, nó trí phróiséas réamhthrialach amhail follasú nó leis an bhfianaise ag an triail féin.

9. Bhí difríochtaí seanbhunaithe idir an dlínse faoi Ordú 19, Riail 28 de Rialacha na nUaschúirteanna, mar a bhí sí roimh an 28ú Meán Fómhair 2023, agus dlínse inghreamaithe na Cúirte. Rinne Clarke Br. cur síos ar na difríochtaí eatarthu sna cásanna seo a leanas mar shampla, Lopes v The Minister for Justice, Salthill Properties Ltd v Royal Bank of Scotland agus Keohane v Hynes, ach ní gá domsa machnamh a dhéanamh ar na difríochtaí sin sa chás seo. Tá leagan nua d’Ordú 19, Riail 28 i bhfeidhm ón 28ú Meán Fomhair 2023. Thug an leagan seo go leor prionsabail isteach a ghabhann le dlínse inghreamaithe na Cúirte (nó, mar a dúirt Simons Br. sa chás Mohan v. Revenue Commissioners [2025] IEHC 63, “The amendment to Order 19, rule 28 has the practical effect of eroding the previous distinction between the jurisdiction to strike out and/or to dismiss proceedings pursuant to (i) Order 19 of the Rules of the Superior Courts, and (ii) the court’s inherent jurisdiction).

10. Seo thíos achoimre ar chúlra an Iarratais um Chead chun athbhreithniú breithiúnach a thionscnamh. Tá an t-iarratasóir os comhair na Cúirte Dúiche i gCathair Chorcaí mar gheall ar chúig thoghairm choiriúil a bhaineann le sáruithe líomhainte ar Rialacháin Covid i 2021. Níl ábhar na gcúiseamh seo tábhachtach ó thaobh an iarratais seo de. Cainteoir dúchais Gaeilge is ea an t-iarratasóir agus teastaíonn uaidh an Ghaeilge a úsáid sna cásanna seo. Deir sé gur scríobh sé chuig an gCúirt Dúiche agus gur labhair sé sa Chúirt arís is arís agus é ag iarraidh a chuid cásanna a dhéanamh trí Ghaeilge. Maíonn an t-iarratasóir go mbíodh sé isteach is amach ón gCúirt Dúiche beagnach gach mí mar gheall ar na cásanna seo ach nár réitíodh iad go fóill toisc nach raibh seirbhís ateangaireachta ar fáil seachas uair amháin. Luann sé gur minic nach raibh a dhóthain Ghaeilge ag na Breithiúna Cúirte Dúiche a bhíodh ag deileáil lena chás (cé go bhfuil beirt bhreithiúna le Gaeilge leordhóthanach ag Cúirt Dúiche Chorcaí). Deir sé freisin toisc nach raibh ateangaire ann, nárbh fhéidir leis, an t-iarratasóir, a chearta teanga a fheidhmiú. Dá bharr sin, maíonn sé go bhfuil moill mhíréasúnta curtha leis na himeachtaí agus gur sarú ar a chuid cearta teanga é seo. Dearbhaíonn sé gur sarú é ar a cheart chun triail a bheith aige laistigh d’achar ama réasúnta faoi Airteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine chomh maith. Tá iarrtha aige go dtabharfaí cóipeanna den chomhad cúirte dó toisc go gcreideann sé go mbeidh ábhar na gcomhad úsáideach sa chás, agus níor tugadh an comhad sin dó riamh.

11. Is é bunús iarratas an Aire ná nach bhfuil freagracht dhlíthiúil aige in aon chor as na faoisimh nó na forais, agus nach bhfuil dualgas air i leith an iarratasóra ina dtaobh. Mar sin de, leagfaidh mé amach na faoisimh a ceadaíodh. Seo iad a leanas:

1. Dearbhú go bhfuil cearta teanga an t-iarratasóir faoi Acht na dTeangacha Oifigiúil sáraithe.

2. Dearbhú go bhfuil cearta teanga an t-iarratasóir faoi Bunreacht na hÉireann sáraithe.

3. Dearbhú go bhfuil cearta daona an t-iarratasóir, de réir Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine sáraithe.

4. Dearbhú gur léirigh an Chúirt Dúiche agus/nó na Seirbhísí Cúirte neamhaird agus claontacht i gcoinne an t-iarratasóra tríd cinnte a dhéanamh nó gan a dhéanamh taobh amuigh den ghnáthphróiseas maidir leis na himeachtaí ins na cásanna luaite i bhfoilseáin ‘a’, ‘b’, ‘c’, ‘d’, agus ‘e’ thuas.

5. Dearbhú nár fhuair an t-iarratasóir fianaise iomláin ins na cásanna go tráthúil nó in aon chur.

6. Ordú chun cóip de chomhaid na cúirte, chuile eolais d’aon saghas maidir leis na cásanna thuas luaite a thabhairt dó, ina hiomláin gan mhoill.

…

21. Dearbhú do dtabharfar costas na n-imeachtaí seo don t-iarrasóir.

12. Tugadh cead dó chun na faoisimh sin a lorg ar na forais seo a leanas:

24. Dearbhú go bhfuil cearta teanga an t-iarratasóir faoi alt 8 d’Acht na dTeangacha Oifigiúil sáraithe, mar gur chuireadh míbhuntáiste air de bharr gur roghnaigh sé a chásanna a rith trí Ghaeilge, agus go raibh sé seo soléir go rialta os comhair na cúirte go raibh an sárú sin leanúnach. Tá an míbhuntáiste seo fíor ó thaobh teanga de, agus ins an mhoill breise a chuireadh ar na himeachtaí dá bharr.

25. Dearbhú go bhfuil cearta an t-iarratasóir faoi Airteagal 8, Bunreacht na hÉireann, sáraithe, mar gur theip ar Chúirteanna, nó na Seirbhísí Cúirte, seirbhís a chur ar fail trí Ghaeilge, go háirithe chóras ateangaire ins na cúirte ach ins na seirbhísí oifige agus breitheamh chomh maith. Mar is ceart bunúsach é seirbhísí a fháil in aon chúirt in Éirinn inár dteanga náisiúnta.

26. Dearbhú nár fhuair an tiarratasóir fianaise iomlán ins na cásanna go tráthúil nó in aon chur, agus ba í úsáid na Gaeilge ba chúis le cuid de sin, agus gur mí bhuntáiste an mhoill sin don t-iarratasóir. Mar shampla, gur thóg sé níos faide ná trí bhliain (tagairt d’fhoilseán ‘l’ agus ‘j’) chun cuid den fhianaise a thabhairt don t-iarratasóir agus nach bhfuil cuid de fós aige, agus go bhfuil an t-ionchúisitheoir fós ag lorg éisteacht dos na cásanna atá luaite leis an iarratas seo.

27. Dearbhú go bhfuil cearta daonna an t-iarratasóir de réir airteagal 6, Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine sáraithe, de bharr maoil neamhgnách, fada agus mí réasúnach atá curtha ar imeachtaí na cásanna thuas luaite i gCúirte Dúiche Chrocaí [sic]

28. Ordú chun cóip de chomhaid na cúirte, chuile eolais ar na cásanna ar fad, maidir leis na cásanna thuas luaite a thabhairt dó ina hiomláin gan mhoill. Is ceart é seo faoi airteagal

7 Treoir Parliament na hEorpa 2012/13, maidir le cearta fianaise a fháil i gcásanna coiriúla agus is ceart é freisin faoi rialacha um Chosaint Sonraí Pearsanta agus is cuid d’fhianaise mo chásanna é.

13. Tá iarratas an Aire bunaithe ar mhionscríbhinn Mhichíl Uí Chearúil, a deir go ginearálta nach bhfuil dualgas dlíthiúil ag an Aire maidir le seirbhísí aistriúcháin sna cúirteanna, bainistiú imeachtaí cúirte, moill sna himeachtaí seo a bhaineann leis an iarratasóir agus nach féidir leis páirtí a threorú chun comhad cúirte nó ráiteas finné a chur ar fáil, agus nach bhfuil sé seo mar dhualgas aige. Ní ghlacann an tAire leis go bhfuil cás bunaithe ag an iarratasóir, ach má tá cás aige is i gcoinne na Seirbhíse Cúirteanna agus/nó an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí atá sé. Ag an éisteacht, phléigh Abhcóide Sinsearach an Aire na faoisimh go léir atá á lorg ag an iarratasóir a raibh cead tugtha ag an gCúirt dóibh. Dúirt sé nach raibh freagracht dhlíthiúil ag an Aire ó thaobh an tsáraithe líomhainte ar chearta an iarratasóra, agus nár thaispeáin an t-iarratasóir cén chaoi a sháraigh an tAire nó inar theip ar an Aire a chearta a chosaint. D’áitigh sé go raibh na dearbhuithe atá á lorg in altanna 1, 2, agus 3 fíor-ghinearálta ach go gcaithfear iad a léamh i dteannta leis na forais. Dúirt sé freisin go raibh sé soiléir ó na forais go raibh an t-iarratasóir ag gearán gur sáraíodh a chuid cearta sna slite éagsúla seo a leanas: i dtosach báire go bhfuil sé faoi mhíbhuntáiste leanúnach toisc go bhfuil sé ag iarraidh a cheart chun a chás a rith as Gaeilge a chleachtadh, lena n-áirítear an mhoill bhreise mar gheall air sin. D’áitigh sé nach bhfuil baint ar bith ag an Aire le stiúrú imeachtaí dlíthiúla. Chomh maith leis sin, dúradh gur aithin an t-iarratasóir i bhforas 25 na páirtithe atá freagrach sa chás, ina phléadáiltear gur theip ar na Cúirteanna nó ar an tSeirbhís Chúirteanna seirbhísí Gaeilge nó seirbhísí aistriúcháin leordhóthanacha, a chur ar fáil.

14. Mar fhreagairt ar iarratas an Aire, dhearbhaigh an t-iarratasóir (i) go dtaispeánann a chás teipeanna inghreamaithe sa chóras agus, ós teipeanna córasacha iad, go gcaithfidh an tAire a bheith freagrach astu, (ii) gur cheart agus go gcaithfidh suim a bheith ag an Aire i gcúrsaí cearta teanga, (iii) go gcaithfidh an tSeirbhís Chúirteanna breathnú ar aidhmeanna nó polasaí an Rialtais, nó Aire ar leith, faoi alt 13(2) den Acht um Sheirbhís Chúirteanna 1998, agus (iv) go ndearna an tAire a iarratas róluath sna himeachtaí, toisc nach bhfuil an fhianaise iomlán ar fáil go fóill. Freisin, dúirt sé go raibh an tAire ina fhreagróir i gcásanna eile a bhí bainteach le ceisteanna cearta teanga, agus níor ardaíodh aon fhadhb.

15. Táimse sásta nach bhfuil cúis réasúnta nochtaithe i gcoinne an Aire agus go mbeadh teip chinnte i ndán do na himeachtaí. Maidir leis seo, tá sé tábhachtach nár thosaigh an tiarratasóir imeachtaí i gcoinne an Stáit ach amháin i gcoinne an Aire. Pléadh an pointe seo níos luaithe sna himeachtaí ach níor iarr an t-iarratasóir ar an gCúirt na himeachtaí a leasú.

16. Tá sé ríshoiléir go mbaineann na faoisimh agus na forais leis na himeachtaí cúirte .i. stiúradh na n-imeachtaí, agus breitheamh le Gaeilge a bheith ann chun déileáil leis an gcás agus na seirbhísí aistriúcháin a bheith ar fáil. Níor thaispeáin an t-iarratasóir aon chúis ina léirítear go bhfuil an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionnanais freagrach go dlíthiúil as na forais seo. Níl ról ar bith aige, agus níor chóir go mbeadh ról aige ó thaobh dáileadh breithiúna i gcásanna áirithe, nó ó thaobh stiúradh imeachtaí cúirte. Baineann an chéad dá cheist seo leis an gCúirt, agus leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí mar legitimus contradictor más rud é go mbaineann an cás le hionchúiseamh coiriúil. Baineann soláthar na gcineálacha seirbhíse cúirte do na dlíthithe leis an tSeirbhís Chúirteanna. Ní cinneadh é seo i gcoinne ceachtar den dá pháirtí sin sna himeachtaí, nó sna hábhair a bhaineann leo, ach chun thaispeáint nach bhfuil freagracht dhlíthiúil ag an Aire as na hábhair seo.

17. Sílim go nglacann an t-iarratasóir leis na bunphrionsabail seo go ginearálta, i ndáiríre, mar i bhforas 25 maíonn sé gur sáraíodh a chuid cearta mar gur theip ar Chúirteanna, nó an tSeirbhís Chúirteanna, seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge, go háirithe córas ateangaireachta sa chúirt ach sna seirbhísí oifige agus breitheamh chomh maith.

18. Braitheann an t-iarratasóir ar alt 13(2) den Acht um Sheirbhís Chúirteanna 1998 mar seo a leanas:

(2) Le linn don Bhord a fheidhmeanna a chomhlíonadh, beidh aird aige ar na nithe seo a leanas –

(a) Acmhainní na Seirbhíse chun críocha an chomhlíonta sin, agus an gá atá ann a áirithiú go mbainfear an úsáid is tairbhiúla, is éifeachtaí agus is éifeachtúla as na hacmhainní sin, agus

(b) aon bheartas nó cuspóir de chuid an Rialtais nó de chuid Aire den Rialtas sa mhéid go bhféadfaidh sé difear a dhéanamh d'fheidhmeanna na Seirbhíse nó baint a bheith aige leo.

Seo dualgas na Seirbhíse Cúirteanna, agus ní dualgas an Aire.

19. Maíonn an t-iarratasóir chomh maith go gcaithfidh suim a bheith ag an Aire i gcearta teanga agus i dteipeanna córasacha a sháraíonn a chuid cearta teanga agus a cheart chun triail

a fháil laistigh d’achar ama réasúnta. Tá idirdhealú áfach idir ‘suim’ nó ‘dualgas’ dlíthiúil a bheith

ag an Aire agus ‘suim pholaitiúil nó pholasaí’. D’fhéadfadh dualgas dlíthiúil a bheith mar ábhar d’imeachtaí dlíthiúla, ach ní fhéadfadh suim pholaitiúil a bheith mar chúis chaingne.

20. Mar gheall ar na cúiseanna thuasluaite, ní ghlacaim leis go bhfuil bunús dlíthiúil léirithe ag an iarratasóir ina chás i gcoinne an Aire, ó thaobh freagrachta dlíthiúla de maidir leis na faoisimh a ceadaíodh san éisteacht ex parte. In éagmais sin, táimse sásta nach bhfuil cúis

réasúnta nochtaithe i gcoinne an Aire, agus go mbeadh teip chinnte i ndán do na himeachtaí ina choinne.

21. Seans go bhféadfadh an Stát a bheith freagrach as na faoisimh agus na forais. Mar phrionsabail seanbhunaithe, más rud é gur féidir imeachtaí a fheabhsú nó a shábháil le leasú oiriúnach, ní dhéantar Ordú chun iad a scriosadh amach. Níor chuir an t-iarratasóir in iúl don Chúirt áfach go dteastaíonn uaidh iarratas a dhéanamh chun an cead a tugadh nó na himeachtaí a leasú, in ainneoin gur pléadh é seo níos luaithe sna himeachtaí. Is rud tábhachtach é freisin nár thóg an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó an tSeirbhís Chúirteanna iarratais chun cead a chur ar ceal, nó na himeachtaí a scriosadh amach, mar ciallaíonn sé sin go bhfuil an t-iarratasóir fós in ann leigheas a lorg.

22. Dá bhrí sin, cuirfidh mé an cead a fuair an t-iarratasóir ar leataobh agus scriosfaidh mé amach na himeachtaí i gcoinne an Aire.