Legislator Case Law & Legislation
2022_IESC_40_(Gaeilge) AI generated

Supreme Court allows appeal regarding mandatory Irish language translation of planning acts under EU law.

Case Number 2022_IESC_40_(Gaeilge)
Court / Authority
Jurisdiction Ireland (IE)
Outcome Partially Allowed

Legislator summary

AI generated

The Supreme Court allowed the applicants' appeal against the Minister's refusal to translate a planning order into Irish. The applicants argued that Article 8 of the Constitution and EU law required mandatory translation of all statutory instruments, citing the general duty of translation established in Ó Murchú v. An Taoiseach. The court distinguished the current case from Ó Murchú, holding that while a constitutional duty exists for instruments amending primary law under Article 3 of the 1972 Act, no general duty applies to all statutory instruments, thus permitting the refusal to translate the specific planning order.

Legislator headnote

AI generated

Art. 8 of the Constitution; Art. 3(1) of the European Communities Act 1972; Art. 25.4.4 of the Constitution: The general duty to translate statutory instruments is limited to those amending primary law under Article 3 of the 1972 Act, excluding routine administrative orders.

Keywords

AI generated
constitutional translation duty statutory instruments European Communities Act general duty of translation planning legislation Article 8 Constitution administrative orders

Cited Legislation

AI generated

Cited Case Law

AI generated

Need to analyze how this precedent applies to your matter?

Cross-reference this judgment against statutes, commentaries, and subsequent citing case law inside Legislator AI.

Open in Legislator →

Full text

AN CHÚIRT UACHTARACH

THE SUPREME COURT

S: AP:IE:2021:000107

Idir/

MacMenamin B. Ní Mháille B. Baker B. Woulfe B. Ó hÓgain B.

GLANN MÓR CÉIBH TEORANTA, GLANN MÓR CUAN TEORANTA AGUS

SIOBHÁN DENVIR-BAIRÉAD

Iarratasóirí/Freagróirí

-V-

AN T-AIRE TITHÍOCHTA, PLEANÁIL AGUS RIALTAS ÁITIÚIL, AN BORD

PLEANÁLA, ÉIRE AGUS AN tARD-AIGHNE

Freagróirí/Achomharcóirí

BREITHIÚNAS de chuid an Bhreithimh Ó hÓgáin a tugadh ar an 1ú lá de Shamhain 2022 Réamhrá

1. Eascraíonn na himeachtaí seo as cinneadh a rinne Uisce Éireann chun Ordú Ceannaigh Éigeantaigh a lorg maidir le tailte áirithe atá i seilbh na n-iarratasóirí agus atá lonnaithe ag Céibh an tSrutháin, an Cheathrú Rua, Contae na Gaillimhe, i gceantar Ghaeltacht Chonamara. Tá na hiarratasóirí ag iarraidh cur i gcoinne an ordaithe sin os comhair an Bhoird Pleanála. Tá cinneadh déanta ag an mBord cheana féin, an 13 Márta 2019, éisteacht ó bhéal a sheoladh. Sa bhreis air sin, rinne an Bord cinneadh, i litir dar dháta an 4 Samhain 2019, go seolfaí an éisteacht sin i nGaeilge de réir fhorálacha alt. 135(8)(b) an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2000.

2. Sna cúinsí seo lorgaíonn na hiarratasóirí dearbhuithe éagsúla maidir le hinfhaighteacht (nó, le bheith níos cruinne faoi, neamh-infhaighteacht) raon éagsúil de reachtanna agus ionstraimí reachtúla i nGaeilge. Is féidir, i mo thuairimse féin, an faoiseamh atá á lorg a bhriseadh síos ar mhodh áisiúil i dtrí chatagóir ar leith: Achtanna áirithe den Oireachtas; ionstraimí reachtúla arna ndéanamh de bhun alt. 3(1) d’Acht na gComhphobal Eorpach 1972 (“an t-Acht ó 1972”) lena leasaítear Achtanna eile de chuid an Oireachtais agus ionstraimí reachtúla eile a d’fhéadfadh a bheith ábhartha. Rud atá níos tábhachtaí agus níos bunúsaí, san achomharc seo, ná go hardaítear den athuair an cheist níos leithne a bhí le feiceáil in Ó Murchú v. An Taoiseach [2010] IESC 26, [2010] 4 IR 484 is é sin le rá cé chomh fairsing is atá an dualgas ginearálta chun ionstraimí reachtúla a aistriú.

3. Is é an cur chuige atá beartaithe agam ná na saincheisteanna go léir a bhreithniú, ceann i ndiaidh a chéile. Ach ní mór cúlra an achomhairc a leagan amach ar dtús.

Cúlra

4. Ar mhaithe le soiléireacht, déanfar tagairt do na hiarratasóirí san Ard-Chúirt (agus na freagróirí sa Chúirt seo), i. Glann Mór Céibh Teoranta, Glann Mór Cuan Teoranta, agus Siobhán Denvir-Bairéad mar “na Freagróirí”, agus déanfar tagairt do na freagróirí san Ard- Chúirt atá fós mar páirtí san achomharc seo, i. an t-Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Éire agus ag an tArd-Aighne mar “na hAchomharcóirí”.

5. Tá na freagróirí ag iarraidh agóid a dhéanamh i gcoinne Uisce Éireann Teoranta gan Órdú Cheannaigh Éigeantaigh a dhéanamh i leith tailte áirithe atá lonnaithe ag Céibh an tSrutháin, an Ceathrú Rua, Contae na Gaillimhe, i gceantar Ghaeltacht Chonamara.

6. De réir an dlí is infheidhme, déantar aon agóid i gcoinne ordú dá leithéid sin a thaisceadh leis an mBord Pleanála. Féadfar don Bhord Pleanála éisteacht ó bhéal a sheoladh ar an ábhar. Ina theannta sin, de réir alt 135(8)(b) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (“an t-Acht ó 2000”), nuair atá an fhorbairt laistigh den Ghaeltacht, seolfar an éisteacht trí mhéan na Gaeilge.

7. Maíonn na Freagróirí go dteastaíonn leaganacha oifigiúla Gaeilge de mhíreanna áirithe reachtaíochta uathu le go mbeidh siad in ann ullmhúchán leordhóthanach a dhéanamh le haghaidh éisteacht an Bhoird Pleanála agus páirt éifeachtach a ghlacadh san éisteacht sin. Sna himeachtaí seo, tá siad ag lorg, inter alia, dearbhú ina luafar go bhfuil oibleagáid bhunreachtúil ar na hachomharcóirí chun tiontú oifigiúil a chur ar fáil ar an Acht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) 2018 agus ar Ionstraimí Reachtúla áirithe atá liostaithe in Iarscríbhinn a ghabhann lena Ráiteas Forasaithe. I dtosach báire, bhí leaganacha Gaeilge de 29 n-ionstraim den sórt sin á lorg acu ach, le linn na héisteachta san Ard-Chúirt, d’aontaigh siad 5 hIonstraim a bhaint den liosta sin. Bhí thart ar 1,200 leathanach ann sna

29 n-Ionstraim Reachtúla a lorgaíodh ar dtús agus bhí thart ar 600 leathanach ann sa líon laghdaithe ionstraimí, is é sin, 24 n-Ionstraim.

8. Tá ceart na bhFreagróirí chun a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge i gceist sa chás seo. Tá teidlíocht reachtúil ag na Freagróirí le héisteacht trí mhéan na Gaeilge bronnta orthu de bhun alt 135(8)(b) den Acht ó 2000. Anuas air sin, áiríonn na Fhreagróirí go mbeidh deacrachtaí suntasach ann ag an éisteacht bhéil gan fáil ar leagan údarásach i nGaeilge de na hIonstraimí Reachtúla ábhartha.

Breithiúnas na hArd-Chúirte

9. Is iad na faoisimh a bhí á lorg ag na hIarratasóirí san Ard-Chúirt; i. “Dearbhú go bhfuil dualgas bunreachtúil ar na bhFreagróirí céad, triú agus ceathrúainmnithe tiontú oifigiúil sa Phríomhtheanga oifigiúil ar an Acht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) 2018 agus ar na hIonstraimí Reachtúla atá sonraithe sa sceideal a ghabhann leis an Ráiteas a chur amach agus a chur ar fáil do na hiarratasóirí. ii. Toirmeasc ar na Freagróirí dara-ainmnithe an éisteacht ó bhéal a oscailt nó aon chéim eile a thógáil i dtaobh an tOrdú Ceannaigh Éigeantaigh Uisce Éireann (Scéim Shéarachais na Ceathrún Rua), 2019 (Uimhir Tag. ABP-305519-19) go dtí go néistear agus go dtugtar an breithiúnas críochnaitheach sa chúis seo. iii. Bac ar na Freagróirí dara-ainmnithe an éisteacht ó bhéal a oscailt nó an chéim eile a thógáil i dtaobh an tOrdú Ceannaigh Éigeantaigh Uisce Éireann (Scéim Shéarachais na Ceathrún Rua), 2019 (Uimhir Tag. ABP-305519-19) go dtí go néistear agus go dtugtar an breithiúnas críochnaitheach sa chúis seo. iv. Aon ordú cuí eile. v. Costais.”

10. Chinn Uí Anluain B. tar éis di an cásdlí a mheas in Ó Beoláin v. Fahy [2001] 2 IR 279, Ó Murchú v. An Taoiseach [2010] 4 IR 484, pel Austria GmbH v. An Coimisiún (CT- 115/94), agus Skoma-Lux sro v Celni reditelství Olomouc (C-161/06) san áireamh, nach bhfuil an Stát i dteideal tréimhse míréasúnta a ghlacadh chun aistriúcháin Ghaeilge a ullmhú, rud a théann díreach i gcoinne stádas na teanga mar an phríomhtheanga oifigiúil de bhun Airteagal 8 den Bhunreacht.

11. Luaigh Uí Anluain B. ag mir 96; “Is léir don chúirt seo mar sin go bhfuil dualgas bunreachtúil ar an Stát tiontú oifigiúil a chur ar fáil chomh luath agus is féidir agus laistigh de thréimhse ama réasúnta. Ach céard is brí leis sin, go díreach? Níl sé oscailte don chúirt tréimhse ama ar leith a dhearbhú, ach is léir nach bhfuil 17 mhí, mar tharla sa chás seo, réasúnta ar chor ar bith. Tagaim ar an gcinneadh seo sa chomhthéacs nach raibh aon fhoinse curtha os comhair na cúirte maidir leis na hacmhainní atá ag an Rannóg Aistriúcháin. Is léir don chúirt, áfach, go bhfuil ganntanas acmhainní ann, agus is eolas é sin atá ar fáil go poiblí. Tuigeann an chúirt go bhfuil an tAcht casta agus go bhfuil téarmaíocht agus ábhar mionsonraithe i gceist. Agus láidríonn sé sin an gá don tiontú a chur ar fáil chomh tapa sin. Is é tuairim na cúirte seo ná go dtosaíonn an gá do thiontú oifigiúil ón bpointe a thagann sé i bhfeidhm mar dhlí, i dteanga oifigiúil amháin. Chomh fada is a thógann sé don Stát an tiontú oifigiúil a chur ar fáil, méadaíonn an neamart ar son an Stáit.”

12. Mar sin, bhí an Ard-Chúirt sásta go raibh sé riachtanach leagan Gaeilge de na hIonstraimí Reachtúla atá luaite sa bhreithiúnas chur ar fáil agus bhí sé práinneach ag an bpointe sin chomh maith leagan Gaeilge a chur ar fáil ó thaobh foclaíochta de agus chomhthéacs an ábhair. Thug an Ard-Chúirt dearbhú go bhfuil dualgas bunreachtúil ar na Freagróirí céad, tríú agus ceathrú-ainmnithe (agus anois na hAchomharcóirí san Chúirt seo) tiontú oifigiúil den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2018 sa phríomhtheanga oifigiúil a chur ar fáil. In ainneoin go bhfuil an tiontú sin ar fáil anois, sháraigh na Freagróirí an dualgas bunreachtúil mar gheall ar an moill míréasúnta a bhí i gceist chun an tiontú a ullmhú. Maidir leis na hIonstraimí Reachtúla, thug an Ard-Chúirt ordú go gcaithfear tiontú oifigiúil de na hIonstraimí Reachtúla atá sonraithe sa sceideal (seachas ag xiii, xv, xvii, xviii agus xxi, nach bhfuil á lorg ag na hIarratasóirí / Freagróirí sa Chúirt seo) a ullmhú laistigh de thréimhse ama réasúnta.

Saincheisteanna an Achomhairc seo

13. Tá sé socraithe gurb iad na saincheisteanna seo a leanas atá os comhair na Cúirte san achomharc seo: 1) An raibh moill míréasúnta ar na hAchomharcóirí céad, tríú agus ceathrú-ainmnithe, tiontú oifigiúil sa teanga náisiúnta agus príomhtheanga oifigiúil den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) 2018 a ullmhú agus a chur ar fáil? 2) An bhfuil oibleagáid ar an Stát aistriúchán d’Ionstraimí Reachtúla a chur ar fáil sa phríomhtheanga oifigiúil (agus, más amhlaidh, cé chomh fada is a dtéann dualgas dá leithéid) nó nach bhfuil? 3) An bhfuil dualgas bunreachtúil faoi leith a eascraíonn as Airteagal 8 ag imoibriú le hAirteagal 25 de Bhunreacht na hÉireann, Ionstraimí Reachtúla a leasaíonn reachtaíocht phríomha a chur ar fáil sa phríomhtheanga oifigiúil? 4) An ndearna an Breitheamh léannta dearmad dhlí nuair a dheonaigh sí Ordú i gcoinne na hAchomharcóirí réamhráite maidir le tiontuithe oifigiúla a chur ar fáil do na Freagróirí ar na hIonstraimí Reachtúla réamhráite a chur amach agus a chur ar fáil do na Freagróirí chomh luath agus is féidir ach ar aon chuma taobh istigh de sé mhí. 5) Nuair atá teidlíocht reachtúil ag na Freagróirí an éisteacht bhéil atá bronnta dóibh ag an mBord Pleanála a bheith stiúrtha trí mheán na príomhtheanga oifigiúla faoi alt 135(8) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, an bhfuil oibleagáid ar an Stát faoi Airteagal 8 den Bhunreacht, tiontú oifigiúil de na hIonstraimí Reachtúla atá ábhartha sa chás sin a chur ar fáil ionas go mbeadh na Freagróirí in ann a ngnó a dhéanamh sa phríomhtheanga oifigiúil, go háirithe nuair a bhaineann an éisteacht le cearta pearsanta agus cearta maoine? 6) An bhfuil oibleagáid ar an Stát faoi Airteagal 8 den Bhunreacht (agus/ nó faoi Airteagal 8 ag imoibriú le hAirteagal 40.1 den Bhunreacht), tiontú oifigiúil sa phríomhtheanga oifigiúil ar na hIonstraimí Reachtúla atá sonraithe sa sceideal d’Ordú na hArd-Chúirte a chur ar fáil do na Freagróirí ionas go mbeadh na Freagróirí in ann agóid i gcoinne an Ordú Ceannaigh Éigeantaigh a ullmhú agus a stiúradh go héifeachtach i gcomhairle lena bhfoireann dlí os comhair an Bhoird, gan chonstaic agus gan mhíbhuntáiste agus ar an mbonn céanna leis an duine a bhíonn sásta a leithéid a dhéanamh i mBéarla?

Rogha Dlí Ábhartha

14. Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann; “1. Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.

2. Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile.

3. Ach féadfar socrú a dhéanamh le dlí d'fhonn ceachtar den dá theanga sin a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí oifigiúla ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de.”

15. Airteagal 25 de Bhunreacht na hÉireann; “1. Chomh luath agus a ritear Bille [...] ní foláir don Taoiseach an Bille sin a thairiscint don Uachtarán chun a lámh a chur leis agus chun é a fhógairt ina dhlí de réir forálacha an Airteagail seo [...]

4.4 I gcás an tUachtarán do chur a láimhe le téacs Bille i dteanga de na teangacha oifigiúla agus sa teanga sin amháin, ní foláir tiontú oifigiúil a chur amach sa teanga oifigiúil eile.

16. Alt 135(8)(b) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000: “I gcás ina mbaineann éisteacht ó bhéal le forbairt laistigh den Ghaeltacht, seolfar an éisteacht trí mheán na Gaeilge, mura gcomhaontóidh na páirtithe san achomharc nó sa tarchur lena mbaineann an éisteacht gur chóir an éisteacht a sheoladh i mBéarla.”

17. Alt. 62 den Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheach), 2011; “(1) A luaithe is féidir tar éis aon Acht den Oireachtas a achtú, déanfar an téacs den chéanna a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla.

(2) Ní oibreoidh fo-alt (1) chun toirmeasc a chur ar Acht den Oireachtas a fhoilsiú ar an idirlíon in aon teanga oifigiúil amháin sula ndéanfar é a chló agus a fhoilsiú de réir an fho-ailt sin.”

18. Alt. 8 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003; “1. Féadfaidh duine ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid in aon chúirt nó in aon phléadáil in aon chúirt nó in aon doiciméad a eiseofar ó aon chúirt.

2. Tá dualgas ar gach cúirt, in aon imeachtaí os a comhair, a chinntiú go bhféadfaidh aon duine a bheidh ag láithriú inti nó a bheidh ag tabhairt fianaise os a comhair éisteacht a fháil sa teanga oifigiúil is rogha leis nó léi, agus nach mbeidh an duine, trí éisteacht a fháil amhlaidh, faoi mhíbhuntáiste toisc nach bhfaigheann sé nó sí éisteacht sa teanga oifigiúil eile.

3. D’fhonn a chinntiú nach mbeidh aon duine faoi mhíbhuntáiste mar a dúradh, féadfaidh an chúirt a chur faoi deara cibé saoráidí is dóigh léi is cuí a chur ar fáil chun ateangaireacht chomhuaineach nó chomhleanúnach ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile a dhéanamh ar imeachtaí.

4. I gcás inar pháirtí in imeachtaí sibhialta os comhair cúirte an Stát nó comhlacht poiblí—

a) déanfaidh an Stát, nó an comhlacht poiblí, an teanga oifigiúil a bheidh roghnaithe ag an bpáirtí eile a úsáid sna himeachtaí, agus

b) más rud é gur pháirtí sna himeachtaí beirt nó níos mó (seachas an Stát nó comhlacht poiblí) agus nach ndéanfaidh siad an teanga oifigiúil a bheidh le húsáid sna himeachtaí a roghnú nó a chomhaontú, déanfaidh an Stát nó, de réir mar is cuí, an comhlacht poiblí, cibé teanga oifigiúil is dealraitheach dó a bheith réasúnach, ag féachaint do na himthosca, a úsáid sna himeachtaí.

5. D’ainneoin aon fhorála eile den alt seo, ní chuirfear iallach ar dhuine fianaise a thabhairt i dteanga oifigiúil ar leith in aon imeachtaí.

6. Nuair a bheidh teanga oifigiúil ar leith á roghnú ag duine lena húsáid in aon imeachtaí os comhair cúirte, ní chuirfidh an chúirt nó comhlacht poiblí aon chearta nó caiteachas breise air nó uirthi thar mar a thabhófaí dá roghnódh sé nó sí an teanga oifigiúil eile a úsáid.”

Aighneachtaí na hAchomharcóirí

Saincheist 1

19. Aighnítear ar son na nAchomharcóirí go bhfuil tréimhse 21 mhí a d’imigh thart sular cuireadh tiontú oifigiúil ar fáil sa chás seo. Tosaíodh na himeachtaí seo ar an 11ú lá de mhí na Nollag 2019, is é sin, 17 mhí ón dáta gur shínigh an tUachtarán an leagan Béarla den Bhille. Bhí moill suas le fiche bliain i gceist sa chás Ó Beoláin v. Fahy [2001] 2 I.R. 279.

20. Deirtear go bhfuil deacrachtaí praiticiúla ag baint le tiontú Gaeilge a chur ar fáil ar an líon mór Achtanna a achtaítear gach uile bhliain, agus roinnt mhaith acu siúd an-fhada agus anchasta i dtéarmaí teanga agus téarmaíochta. Sa chomhthéacs sin, is fiú a mheabhrú go beacht an méid a dúirt an Chúirt seo in Ó Murchú v. An Taoiseach [2010] 4 I.R. 484: “[C]aithfear an dualgas maidir le leaganacha Gaeilge a chur ar fáil d'Achtanna an Oireachtais a chomhlíonadh laistigh de thréimhse ama réasúnta, nó chomh luath agus is féidir é sin a dhéanamh.”

21. Dar leo, dá seasfaí le cinneadh na hArd-Chúirte, bheadh an baol ann go nglacfaí leis an tréimhse sin (17 mhí), nó fiú amháin 21 mhí as seo amach mar an tréimhse chaighdeánach chun aistriúcháin a sholáthar ar Achtanna, is cuma cé chomh líonmhar nó chomh casta is atá siad. Ní bheadh sé sin praiticiúil nó réasúnta, ag cur san áireamh na heaspa acmhainní atá ar fáil chun an obair sin a dhéanamh.

Saincheist 2

22. Mar thoradh ar na luath-údaruithe, tá corpas forleathan cásdlí tagtha chun cinn agus tharla sé sin go formhór tar éis achtú Bhunreacht na hÉireann sa bhliain 1937 agus is é is brí leis an gcásdlí sin ná nach ceart duine ar mian leis nó léi gnó oifigiúil a sheoladh trí mheán na Gaeilge a chur faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le duine atá toilteanach gnó den sórt sin a sheoladh trí mheán an Bhéarla.

23. Luann siad go ndearnadh níos mó ná 8,000 n-Ionstraim Reachtúil sa tréimhse ó 2010 go 2021 go huile. Dar leo, d’fhéadfadh gach ceann acu a bheith bainteach le himeachtaí dlíthiúla nó le seoladh gnó oifigiúil de chineálacha éagsúla.

24. Aighníonn siad ar an gcéad ásc, nach bhfuil aon rud le haimsiú i dtéacs an Bhunreachta lena dtabhairt le fios go bhfuil oibleagáid den sórt sin ann, agus ar an dara hásc, is ionann aistriú reachtaíochta ó theanga amháin go teanga eile agus obair a bhfuil ard-oilteacht ag teastáil ina leith agus a bhfuil gá le leibhéal an-ard inniúlachta teanga ina leith, go háirithe sa teanga a bhfuil an t-aistriúchán á dhéanamh chuici. De riachtanas, beidh na hacmhainní atá ar fáil don Stát aon tráth áirithe chun na críche sin teoranta.

25. Dá mbeadh oibleagáid bhunreachtúil ann chun tiontuithe oifigiúla d’Ionstraimí Reachtúla a sholáthar de réir mar a iarrann daoine aonair iad (mar atá déanta sa chás láithreach), is cuma cé chomh líonmhar nó chomh casta a bheadh na hionstraimí atá á lorg, is cinnte go mbeadh moilleanna, ar dóigh dóibh a bheith an-fhada, ann maidir leis na himeachtaí a ndéantar an iarraidh i dtaca leo.

26. Ní mór oibleagáid an Stáit chun úsáid na Gaeilge a éascú i gcás daoine ar mian leo í a úsáid le haghaidh críocha oifigiúla a chur faoi réir caighdeán éigin comhréireachta agus cóimheá.

Saincheist 3

27. Aighníonn na hAchomharcóirí go léiríonn an téacs Gaeilge agus an téacs Béarla d’Airteagal 25.4.4 den Bhunreacht ar bhealach thar a bheith soiléir go bhfuil feidhm aici le reachtaíocht phríomha amháin, is é sin le rá, reachtanna arna n-achtú ag an Oireachtas. Aighnítear is cuma conas a léirítear Airteagal 25.4.4, níl aon fheidhm, d’aon chineál, aige maidir le hIonstraimí Reachtúla nach gcuirtear tús leo riamh mar “Bhillí” agus ní gá lámh an Uachtaráin a chur leo riamh le go dtiocfaidh siad chun bheith ina ndlí.

28. Ardaítear ceist anseo freisin más féidir Airteagal 25.4.4 a léiriú mar Airteagal a bhfuil feidhm aige maidir leis na hIonstraimí Reachtúla a dhéantar chun éifeacht a thabhairt do dhlí an Aontais Eorpaigh agus lena leasaítear reachtaíocht phríomha, de réir mar is féidir le dlí. Ach aighnítear nach bhfuil argóint den sórt sin inchothaithe. Ar an gcéad dul síos, cuirtear glan ina haghaidh le caint shoiléir Airteagal 25.4.4. Ina theannta sin, dá mbeadh sé beartaithe go mbeadh feidhm ag Airteagal 25.4.4 maidir leis na hIonstraimí Reachtúla arna ndéanamh chun éifeacht a thabhairt do dhlí an Aontais Eorpaigh agus maidir leis na hIonstraimí Reachtúla sin lena leasaítear reachtaíocht phríomha, bhí deis dhóthanach ann chun foráil a dhéanamh chuige sin nuair a bhí Éire ag dul isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, ach ní dhearnadh aon fhoráil chuige sin ar mhodh leasú ar an mBunreacht nó ar mhodh reachtaíochta.

29. Thairis sin, chuir an Chúirt seo go sainráite i gcoinne aon argóint den sórt sin. In Ó Murchú v An Taoiseach [2010] 4 I.R. 484, ag 510, nuair dúirt an Chúirt seo: “Níl aon rud sa Bhunreacht féin ach an oiread a thacódh le conclúid go bhféadfaí, fiú amháin má tá Ionstraimí Reachtúla agus Achtanna an Oireachtais fite fuaite ina chéile, Ionstraim Reachtúil, a bhfuil sainmhíniú agus stádas áirithe aici mar fho-reachtaíocht, a fhorléiriú go deo amhail is dá mba Acht Oireachtais í, chun críche Airteagal 25.4.4, nó amhail is dá mbeadh sí cosúil ar aon bhealach le hAcht Oireachtais ionas go gceadófaí iad a bhreithniú laistigh de raon aon dualgas bunreachtúil a éiríonn ón Airteagal sin.

Saincheist 4

30. Aighnítear níor lorg na Freagróirí ordú den chineál sin. Níor lorg siad ach dearbhú á rá go raibh oibleagáid bhunreachtúil ar na hAchomharcóirí sna himeachtaí seo chun aistriúcháin oifigiúla de na hIonstraimí Reachtúla a bhí i gceist a chur ar fáil.

Saincheist 5

31. Aighnítear gur deacair a thuiscint conas is féidir aon teorainneacha réasúnacha a chur le scóip cirt bhunreachtúil maidir le tiontuithe oifigiúla Gaeilge d’Ionstraimí Reachtúla a bheith á gcur ar fáil más rud é go n-aithnítear ceart den sórt sin i gcomhthéacs an cháis láithrigh, agus go ndearna Breitheamh léannta na hArd-Chúirte sa chás seo earráid trína dhearbhú go síneann an dualgas chun tiontuithe oifigiúla Gaeilge d’Ionstraimí Reachtúla a dhéanamh chuig imeachtaí os comhair binsí agus comhlachtaí seachas na cúirteanna dlí, mar múnlaíodh an eisceacht sin mar aitheantas ar cheart bunreachtúil ar leithligh a bhaineann le rochtain ar na cúirteanna, mar atá aitheanta in Macauley v Minister for Posts and Telegraphs [1966] I.R. 345 agus i gcásanna ina dhiaidh sin. Maidir leis an tagairt atá déanta i Saincheist (5) de chearta pearsanta agus cearta maoine, aighnítear nach léir go bhfuil aon dochar á dhéanamh do na cearta sin de bharr aistriúcháin Gaeilge ar Ionstraimí Reachtúla gan a bheith ar fáil dóibh.

Saincheist 6

32. Mar atá ráite cheana, tig leis an Stát aistriúcháin Gaeilge a chur ar fáil ar cháipéisí eile (agus déantar a leithéid faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, mar shampla) ach ní hionann é sin is a rá go bhfuil dualgas bunreachtúil ann é sin a dhéanamh.

Coinbhinsiún Aarhus

33. Ní cheistíonn na hAchomharcóirí sna himeachtaí seo tábhacht an Choinbhinsiúin a bhaineann go bunúsach le hoibleagáid a bheith ar gach Stát is Páirtí lena chinntiú go dtugtar treoir do dhaoine den phobal maidir le rochtain a lorg ar fhaisnéis, maidir le rannpháirtíocht i gcinnteoireacht a éascú agus maidir le rochtain a lorg ar cheartas i leith cúrsaí comhshaoil, ach aighnítear níl aon rud ann sa Choinbhinsiún lena thabhairt le fios go dtugann sé aon cheart do dhaoine aonair a éileamh go ndéanfar an fhaisnéis sin a sholáthar i dteanga a roghnaíonn siad féin in imthosca ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil i dteanga eile a thuigeann siad go réidh.

Cearta agus leasanna iomaíocha

34. I dtuairim nanAchomharcóirí, bhí an t-ordú a rinne an Ard-Chúirt níos cosúla le hordú de chineál sainordaitheach sa mhéid gur dearbhaíodh go raibh sé riachtanach go n-ullmhófaí na haistriúcháin sin laistigh de thréimhse réasúnach, ar tréimhse í a sonraíodh an tráth sin mar thréimhse sé mhí ón dáta a tugadh an breithiúnas.

35. Ina theannta sin, is de chineál roghnach iad leigheasanna dlí poiblí, dearbhuithe agus orduithe mandamus san áireamh, rud a chiallaíonn go bhfuil cúirt i dteideal diúltú leigheas den sórt sin a dheonú fiú amháin i gcás inar éirigh leis an iarratasóir teideal chuige a shuíomh. Aighnítear gur cheart don Chúirt seo aird chuí a thabhairt ar na nithe sin agus nár chuí, dá réir sin, ordú a dheonú as a leanfadh moill maidir leis an bhforbairt a bheartaíonn Uisce Éireann a dhéanamh ar mhaithe leis an bpobal áitiúil.

Aighneachtaí na bhFreagróirí

36. Phléigh na Freagróirí an cásdlí, agus aignigh siad gurbh iad na prionsabail atá nochtaithe sna cinntí sin ná;

(i) Go bhfuil oibleagáid cheangailteach mar ordaitheach bunreachtúil ar an Stát i leith na príomhtheanga oifigiúla faoi Airteagal 8;

(ii) Ní féidir le haon cheann d’orgáin an Stáit, reachtaíochta, feidhmiúcháin, nó breithiúnach, maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga Náisiúnta an Stáit gan forálacha an Bhunreachta a shárú;

(iii) Tá forálacha Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann níos treise maidir leis an aitheantas a thugtar don Ghaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil an Stáit, ná mar a bhí Airteagal 4 de Bhunreacht an tSaorstáit;

(iv) Ní féidir iad siúd atá inniúil agus ar mian leo í a úsáid chun iad féin a chur in iúl nó chun cumarsáide, a chosc nó a fhágáil faoi mhíbhuntáiste agus iad á dhéanamh sin in aon chomhthéacs náisiúnta nó oifigiúil.

Saincheist 1

37. Bhí tiontú i nGaeilge ar an Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2018 ar fáil ar shuíomh idirlín an Oireachtais ar 13ú Aibreán 2020. Scríobh an Bord Pleanála i litir dar dáta 21ú Feabhra 2019 chuig aturnaetha na bhFreagróirí agus dúirt siad go mbeadh an éisteacht ó bhéal os comhair an Bhoird Pleanála ar 26ú Márta 2019, bliain iomlán sula raibh an tAcht ar fáil i nGaeilge. Aighnítear nach tréimhse réasúnach é sin, gan trácht ar an “imeachta sách sciobtha” luaite ag McGuinness B. in Ó Beoláin v. Fahy go raibh Breitheamh Léannta na hArd-Chúirte i dteideal teacht ar an gconclúid ag alt 105 dá breithiúnas go léir “nach bhfuil

17 mhí, mar tharla sa chás seo, réasúnta ar chor ar bith”.

38. Mar a dúirt Kelly B. i O’Donoghue v. Legal Aid Board [2006] 4 IR 204, 213, ní mór do cheart a bheith éifeachtach, ach is beag éifeacht a bheadh ann do na Freagróirí an tAcht a bheith ar fáil acu i nGaeilge breis agus bliain tar éis na héisteachta os comhair an Bhoird Pleanála.

Saincheist 2

39. Aighnítear go bhfuil dlíthe le fáil ní amháin in achtanna an Oireachtais ach, chomh maith, sna hIonstraimí Reachtúla a dhéanann an rialtas. Mar a mhínigh Charleton B. ag tabhairt breithiúnas sa Chúirt Onórach seo i Náisiúnta Leictreach Conraitheoir Éireann Cuideachta Faoi Theorainn Ráthaoíchta v. The Labour Court [2021] 2 I.L.R.M. 1, ar lch. 65 mar a leanas: “Mar is eol dóibh siúd a dhréachtaigh Bunreacht na bliana 1937, tá dlíthe le fáil ní amháin i mbearta reachtacha parlaiminte ach san iliomad rialacha agus orduithe reachtúla a dhéanann an rialtas agus sna fodhlíthe a dhéanann comhairlí áitiúla agus údaráis eile freisin.” [aistriúchán neamhoifigiúil] leanann sé, mar sin, go gclúdaíonn an oibleagáid bhunreachtúil tiontú a dhéanamh ar théacs Billí Ionstraimí Reachtúla áirithe.

40. Aighnítear is amhlaidh go bhfuil an Stát ag cur argóintí os comhair na Cúirte seo nach raibh go cuí os comhair na hArd-Chúirte. Dealraíonn sé freisin go bhfuil an Stát ag brath ar a theip stairiúil chun éifeacht a thabhairt d’Airteagal 25 den Bhunreacht chun cur i gcoinne aon dualgas na hIonstraimí Reachtúla a chur ar fáil sa chás seo. Níl an chur chuige sin sásúil nuair atá an Stát ag plé leis na dualgais atá aige faoi Airteagal 8 nó Airteagal 25.

Saincheist 3

41. Glacann na Freagróirí leis nach n-eascraíonn aon dualgas chun aistriúcháin Gaeilge de na hIonstraimí Reachtúla a chur ar fáil as téacs Airteagal 25 amháin ach eascraíonn an dualgas bunreachtúil as Airteagal 8 ag imoibriú le hAirteagal 25, go háirithe i gcás Ionstraimí Reachtúla a leasaíonn reachtaíocht phríomha. Baintear úsáid as Alt. 3 d’Acht ó 1972 chun Achtanna an Oireachtais a leasú nó a aisghairm le hIonstraimí Reachtúla. D’ainneoin alt

15.2 de Bhunreacht na hÉireann, tá an cleachtas seo ceadaithe faoin mBunreacht nuair atá an leasú nó an aisghairm riachtanach chun dlí an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm sa Stát.

42. Déanann na hIonstraimí Reachtúla seo (atá luaite sa sceideal) a leanas inter alia leasú ar an Acht ó 2000:

(i) Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Measúnacht Tionchair Timpeallachta agus Gnáthóga), 2011 (I.R. Uimh. 473/2011);

(ii) Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Measúnacht Tionchair Timpeallachta agus Gnáthóga) (Uimh. 2), 2011 (I.R. Uimh. 584/2011);

(iii) Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Measúnacht Tionchair Timpeallachta) (Pleanáil agus Forbairt), 2014 (I.R. Uimh. 543/2014);

(iii) Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pleanáil agus Forbairt) (Measúnacht Tionchair Timpeallachta), 2018 (I.R. Uimh. 296/2018); agus

(iv) Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pleanáil agus Forbairt) (Measúnacht Tionchair Timpeallachta) (Uimh. 2), 2018 (I.R. Uimh. 404/2018).

43. Mar is léir ó chinneadh na Cúirte Onóraigh seo in Ó Beoláin v. Fahy, tá dualgas bunreachtúil ar an Achomharcóir tríú-ainmnithe tiontú oifigiúil ar Achtanna an Oireachtais a chur ar fáil don phobal sa phríomhtheanga oifigiúil nuair a chuireann an tUachtarán a lámh le téacs Bille sa dara teanga oifigiúil, agus is léir nach bhfuil Achtanna an Oireachtais, agus an tAcht ó 2000 go sonrach, ar fáil ina iomláine sa phríomhtheanga oifigiúil mura bhfuil na hIonstraimí Reachtúla sin ar fáil sa phríomhtheanga oifigiúil.

44. Ag eascairt as an dualgas sin faoi Airteagal 25 ag imoibriú le hAirteagal 8, is léir go bhfuil dualgas bunreachtúil ar an Achomharcóir tríú-ainmnithe tiontú oifigiúil ar aon ionstraim reachtúil a dhéanann leasú ar Achtanna an Oireachtais a chur ar fáil nuair a dhéantar an ionstraim reachtúil sin.

Saincheist 4

45. Breis agus trí bhliain tar éis litreacha ó aturnaetha na bhFreagróirí chuig Oifig Foilseachán an Rialtais a d’fhiafraigh an raibh leagan oifigiúil nó tiontú oifigiúil de na hIonstraimí Reachtúla a shonraíodh sna litreacha ar fáil i nGaeilge, níl aon cheann de na hIonstraimí Reachtúla atá á lorg ag na Freagróirí ar fáil.

46. Níor mhol na Freagróirí san Ard-Chúirt (na hAchomharcóirí sa chás seo) aon amchlár ar leith ina mbeadh na hIonstraimí Reachtúla curtha ar fáil. Ní raibh, mar shampla, fianaise ann go bhféadaidís an dualgas a chomhlíonadh laistigh de X, Y nó Z mhí. In éagmais dearbhú shoiléir (nó ordú mandamus cuí) bheadh na Freagróirí ag brath go hiomlán ar dhea-thoil na n-Achomharcóirí.

47. Aighníonn na hAchomharcóirí ag alt 36 nár chuí don Chúirt seo ordú a dheonú “as a leanfadh moill maidir leis an bhforbairt a bheartaíonn Uisce Éireann a dhéanamh ar mhaithe leis an bpobal áitiúil.” Ní dhearna na hAchomharcóirí aon tagairt sa Ráiteas Freasúra i dtaca le sin. Bhí Uisce Éireann ar fhógra maidir leis na himeachtaí seo ach níor thóg siad aon deis chun bheith páirteach sna himeachtaí chun dul i gcoinne na faoisimh atá á lorg ag na Freagróirí. Níl aon fhianaise ar chor ar bith ó Uisce Éireann chun tacaíocht a thabhairt d’aighneachtaí na nAchomharcóirí maidir leis an argóint sin.

Saincheist 5

48. Is dearbh-riachtanas tiontú Gaeilge ar na hIonstraimí Reachtúla atá sonraithe ag na Freagróirí chun agóid éifeachtach ar an Ordú Ceannaigh Éigeantaigh i gcomhairle lena bhfoireann dlí gan chonstaic agus gan míbhuntáiste agus ar an mbonn céanna leis an té a bhíonn sásta a leithéid a dhéanamh i mBéarla.

49. Glacann na hAchomharcóirí go bhfuil oibleagáid ar an Stát aistriúchán Gaeilge oifigiúil ar rialacha cúirte a chur ar fáil, cé gur Ionstraimí Reachtúla atá iontu sin. Deir siad gurb é an fáth gur amhlaidh atá an scéal ina leith sin, go bunúsach, ná go ndéantar amhlaidh mar gheall ar an gceart chun rochtain ar na cúirteanna, ar cheart bunreachtúil intuigthe, mar atá sainaitheanta, mar shampla i Macauley v. Minister for Posts and Telegraphs [1966] IR 345. Dar lena bhFreagróirí go gclúdaíonn an ceart sin na fíricí seo, de réir alt 135(8)(b) den Acht ó 2000, a léann; “I gcás ina mbaineann éisteacht ó bhéal le forbairt laistigh den Ghaeltacht, seolfar an éisteacht trí mheán na Gaeilge, mura gcomhaontóidh na páirtithe san achomharc nó sa tarchur lena mbaineann an éisteacht gur chóir an éisteacht a sheoladh i mBéarla.”

50. I mí na Nollag 2015, ar iarraidh ó Rialtas na hÉireann, chinn an Chomhairle Eorpach an tábhar atá ar fáil i nGaeilge a mhéadú chun stádas iomlán a bhaint amach de réir a chéile don Ghaeilge san Aontas Eorpach faoi 2022. Dá bhrí sin, tá stádas iomlán chomhionann ag an nGaeilge san Aontas anois. Cuirtear gach Treoir agus gach Rialachán Eorpach ar fáil, ar bhonn chomhuaineach, i nGaeilge agus na teangacha oifigiúla eile. Tá an Stát ag argóint, faraor, nach bhfuil dualgas air na hIonstraimí Reachtúla a eisiúint i nGaeilge anseo agus gur leor iad a dhéanamh agus a eisiúint i mBéarla.

51. Forálann Airteagal 3.2 de Choinbhinsiún Aarhus: “Each Party shall endeavour to ensure that officials and authorities assist and provide guidance to the public in seeking access to information, in facilitating participation in decision-making and in seeking access to justice in environmental matters.” Ag eascairt as an mhéid thuas, aighnítear go bhfuil na hAchomharcóirí ag sárú an dualgais faoin gCoinbhinsiún.

52. Áitíonn na Freagróirí sa chomhthéacs seo gur cheart é a tabhairt faoi deara go bhfuil sé mar chuspóir ag formhór na hIonstraimí Reachtúla atá á lorg sna himeachtaí seo éifeacht a thabhairt do dhlí an Aontais Eorpaigh. Ag an bpointe seo, nuair a chuirtear gach Treoir agus gach Rialachán Eorpach ar fáil, ar bhonn chomhuaineach, i nGaeilge, ba cheart go mbeadh na hIonstraimí Reachtúla ar fáil i nGaeilge freisin, ar a laghad nuair a bhaineann siad le himeachtaí os comhair cúirte nó bhinse, ionas go mbeifear in ann comparáid a dhéanamh idir téacs an dlí Eorpach agus téacs an dlí náisiúnta atá á gcur i bhfeidhm, agus le go mbeidh an saoránach in ann a ghnó nó a gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

Saincheist 6

53. Aighnítear nach bhfuil aon difríocht ábhartha ann idir an duine atá sásta a chuid gnó a dhéanamh leis an Stát trí mheán an Bhéarla agus an té atá ag iarraidh a chuid gnó a dhéanamh leis an Stát trí mheán na Gaeilge. Tá na hAchomharcóirí ag cur reachtaíocht agus Ionstraimí Reachtúla ar fáil i dteanga a oireann don chéad ghrúpa, ach tá ag teip orthu reachtaíocht a chur ar fáil i dteanga a oireann don dara grúpa.

54. Dá bhrí sin, aighnítear go bhfuil na hAchomharcóirí ag sárú Airteagal 40.1 den Bhunreacht.

Scóip an achomhairc

55. I mo thuairim, ní gá aghaidh a thabhairt go mion ar argóintí uile Ghlann Mór, toisc go bhfuil an cás bunaithe ar fhorléiriú Airteagal 8 agus Airteagal 25 den Bhunreacht amháin. Ar bhealach ar leith, ní fheictear dom gur féidir gairm ar na forálacha maidir leis an rochtain ar cheartas in Airteagal 9 de Choinbhinsiún Aarhus san achomharc seo. Faoi mar atá daingnithe ag an gCúirt seo in Conway v. Ireland [2017] IESC 13, [2017] 1 IR 53, níl an Coinbhinsiún (go fóill) ina chuid de dhlí intíre an Stáit chun críocha Airteagal 29.6 den Bhunreacht. Seachas amháin na hoibleagáidí sonracha sin a fhorchuirtear le raon éagsúil d’ionstraimí dlí comhshaoil an AE lena bhféachtar le héifeacht a thabhairt don Choinbhinsiún sin mar ábhar faoi dhlí an AE (amhail, mar shampla, Airteagal 6(3) agus Airteagal 6(4)) den Treoir maidir le Gnáthóga – nach n-eascraíonn aon cheann díobh san achomharc seo – dá réir sin, de bhrí nach cuid de dhlí an Stáit é an Coinbhinsiún, ní féidir brath air sna himeachtaí láithreacha.

56. Molaim anois, féachaint chuige Airteagal 8 agus Airteagal 25.4.4 den Bhunreacht, atá ag croílár na n-imeachtaí reatha, a bhreithniú. Catagóir 1: Aistriúchán Achtanna an Oireachtais.

57. Baineann an chéad cheist le cé chomh fairsing is atá an oibleagáid atá ar an Stát chun Achtanna an Oireachtais a aistriú, agus an tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) 2018 go sonrach. Cé gur shínigh an tUachtarán an tAcht seo an 19 Iúil 2018, níor cuireadh aistriúchán an Achta seo ar fáil don phobal go dtí an 13 Aibreán 2020, nuair a rinneadh é a uaslódáil ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.

58. Is léir ó théarmaí sainráite Airteagal 25.4.4, i gcás go bhfuil Acht de chuid an Oireachtais sínithe i gceann amháin den dá theangacha oifigiúla an Stáit, nach mór aistriúchán de a chur ar fáil sa teanga oifigiúil eile. Is léir, ós rud é go bhfuil tromlach mór d’Achtanna an Oireachtais rite i mBéarla sa dá Theach an Oireachtais agus sínithe ina ndlí ag an Uachtarán ar an mbonn sin, go bhfuil gá ann aistriúchán díobh a bheith déanta laistigh de thréimhse réasúnta. Mar a thug Hardiman B. le fios ina bhreithiúnas in Ó Beoláin v. Fahy [2001] 2 IR 279 ag 324, is léir ó na foilseacháin oifigiúla gur foilsíodh Achtanna an Oireachtais i bhfoirm dhátheangach go dtí thart ar 1980. Ina dhiaidh sin, tháinig athrú ar an gcleachtas ar chúiseanna nach bhfuil soiléir, ach is dócha go bhfuil baint acu leis na deacrachtaí géara atá i gceist chun seirbhísí na ndlíodóirí iomchuí a fháil chun an obair dheacair dhúshlánach seo a dhéanamh.

59. In aon bhliain dlí ar leith, bíonn thart ar idir 40 agus 50 Acht an Oireachtais sínithe go dlíthiúil: is iad na figiúirí is déanaí ná 53 mhír reachtaíochta sínithe in 2019; 32 cheann in 2020 agus 50 ceann in 2021. Is í an fhianaise, nach bhfuil agóid déanta ina leith, sna himeachtaí seo ná go raibh, amhail mí Feabhra 2021, thart ar 450 Acht den Oireachtas ar feitheamh lena n-aistriú. D’fhéadfá a rá go bhfuil timpeall 9 nó 10 mbliana de riaráistí i gceist, dá réir.

60. Tá sé follasach go léir, go deimhin, gan gá a bheith ann é a lua, gur chúis imní an staid cúrsaí sin faoi mar atá sé. Léirítear staid chúrsaí san oiread moille atá i gceist agus is ionann na moilleanna agus neamh-chomhlíonadh follasach an Stáit i dtaca le hoibleagáid bhunreachtúil sainráite. Cé go bhfuil sé deacair gan a bheith báúil le Coimisiún Thithe an Oireachtais agus na deacrachtaí ollmhóra atá acu chun an fhoireann cheart a earcú, fós féin, is é an dualgas breithiúnach atá againne ná seasamh leis an mBunreacht agus leis an dlí: féach Airteagal 34.6.1. Mar sin féin, má bhreathnaítear air go hoibiachtúil agus in éagmais aon fhianaise eile a bheith ann, is deacair a rá go bhféadfaí a mheas go bhfuil moill den chineál seo chun ceanglas bunreachtúil sainráite a chomhlíonadh a bheith réasúnta.

61. D’fhéadfadh nach mar sin a bheadh an staid cúrsaí dá mba rud é go raibh fianaise ann maidir leis na hiarrachtaí a rinne an Stát chun na dlítheangeolaithe cuí a aimsiú nó cibé an raibh scéim tosaíochta ann maidir leis na roghanna aistriúcháin ionas go dtabharfaí tús áite, mar shampla, do na hAchtanna Oireachtais sin a úsáidtear is coitianta a úsáidtear iad.

62. Rinneadh an tsaincheist maidir le neamh-chomhlíonadh na dteorainneacha ama atá leagtha síos go bunreachtúil a bhreithniú sa Chúirt seo in Re Article 26 and the Electoral (Amendment) Bill 1961 [1961] IR 169. Ceanglaítear le hAirteagal 16.2.4 go ndéanfaí na toghcheantair a athbhreithniú uair gach dhá bhliain déag. Rinne an tOireachtas iarracht an ceanglas seo a chomhlíonadh nuair a rinne sé athbhreithniú ar na toghcheantair leis an Acht Toghcháin (Leasú), 1959. Shínigh an tUachtarán an tAcht sin an 26 Samhain 1959, díreach laistigh den tréimhse 12 bhliain ó ritheadh an tAcht Toghcháin (Leasú) 1947 ar achtaíodh é an 27 Samhain 1947.

63. Fuarthas ina dhiaidh sin go raibh Acht 1959 míbhunreachtúil in O’Donovan v. Attorney General [1961] I.R. 114. Ina dhiaidh sin, rinne an tOireachtas iarracht reachtaíocht nua a rith chun na toghcheantair a athbhreithniú. Agus ansin chuir an tUachtarán an Bille sin, is é sin le r an Bille Toghcháin (Leasú) 1961, faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí faoi bhun Airteagal 26. Faoin dáta a tháinig an t-ábhar seo os comhair na Cúirte seo, i mí Iúil 1961, ba léir go raibh an teorainn 12 bhliain sáraithe faoi dhá bhliain agus ocht mí. Chinneadh sa Chúirt seo nárbh ionann é sin, ann féin, agus le rá go raibh an Bille nua, Bille 1961, míbhunreachtúil. Ina ionad sin, ós rud é gur tugadh “míniú sásúil” ar an moill, ba é an dualgas a bhí ann ansin ná an dualgas bunreachtúil a chomhlíonadh “chomh luath agus is féidir”: féach [1961] IR 169 ag 180, faoi mar a luaigh Maguire PB.

64. Cé go bhfuil an comhthéacs atá sa tagairt atá sa Bhille Toghcháin (Leasú) an-éagsúil leis an gceann atá ann faoi láthair, tá seasamh ag an mbunphrionsabal céanna maidir le comhlíonadh teorainneacha ama bunreachtúla go fóill. Is léir go bhfuil dualgas bunreachtúil ar an Stát aistriúchán d’Achtanna uile an Oireachtais a sholáthar a luaithe agus is féidir ach beidh an oiread a bheidh neamh-chomhlíonadh den sórt sin incheadaithe ag brath, gan amhras ar bith, ar na himthosca go léir.

65. Mar sin, bhí an mhoill a bhí i gceist chun Acht 2018 a aistriú iomarcach agus míréasúnta araon. Ag brath ar an bhfianaise, agus ar an oiread atá “míniú sásúil” ar aon mhoill den sórt sin, d’fhéadfadh go mbeadh breithnithe éagsúla i gceist i gcásanna eile. Thabharfainn dearbhú chuige sin dá réir. Maidir leis sin, dhaingneoinn an t-ordú a rinne Uí Anluain B. go raibh moill mhíréasúnach ar an tríú agus an ceathrú achomharcóir ainmnithe chun a noibleagáidí bunreachtúla maidir le hAcht 2018 a chomhlíonadh.

66. De bharr, ina theannta sin, go bhfuil cóip den aistriúchán oifigiúil Acht 2018 ina seilbh anois ag na freagróirí, ní gá a bhreithniú ar cheart aon fhaoiseamh breise a dheonú i dtaca leis an gceist sin. Catagóir 2: Ionstraimí Reachtúla arna ndéanamh faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 lena leasaítear Achtanna eile den Oireachtas

67. Táim chun aghaidh a thabhairt anois ar an dara catagóir de bhearta reachtacha, is é sin le rá, ionstraimí reachtúla arna ndéanamh faoi alt. 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (“Acht ó 1972”) a bhfuil sé mar éifeacht acu Achtanna eile den Oireachtas a leasú chun éifeacht a thabhairt do reachtaíocht amhail Treoracha a eascraíonn as próiseas reachtach an Aontais Eorpaigh. Tá cúig ionstraim reachtúla dá leithéid i gceist sna himeachtaí reatha.

68. Ní gá dúinn sa bhreithiúnas seo iniúchadh a dhéanamh ar chuid den chásdlí casta a bhaineann leis an gceist seo. Is leor a lua gur chinn an Chúirt seo go raibh an tOireachtas i dteideal, go bunreachtúil, socrú a dhéanamh chun Achtanna eile den Oireachtas a leasú trí ionstraimí reachtúla arna ndéanamh faoi alt. 3 d’Acht 1972 toisc go raibh gá leis an nós imeachta sin chun críocha Airteagal 29.4.6 den Bhunreacht chun éifeacht a thabhairt dár n-oibleagáidí maidir le comhaltas den Aontas Eorpach reachtaíocht den sórt sin a thrasuí go tráthúil: féach, m.sh., Meagher v. Minister for Agriculture and Food [1994] 1 I.R. 329 agus Maher v. Minister for Agriculture and Food [2001] IESC 32, [2001] 2 I.R. 139.

69. Mar sin féin, aon ghné amháin, áfach, a ghabhann leis na hionstraimí reachtúla den sórt sin ná, de bhua alt. 4(1) d’Acht 1972 nach bhfuil éifeacht reachtúil acu. Rinneadh an stádas sin a bhreithniú in Quinn v. Ireland [2007] IESC 65, [2007] 3 I.R. 395 ag lch. 410, agus, mar a luaigh Denham B.: “Ní gnáth-rialacháin iad na rialacháin atá á mbreithniú, is rialacháin iad a bhfuil éifeacht reachtúil acu. Is aisteach í mar fhoirm dhlí - rialachán atá ann le héifeacht reachtúil, cé nach reacht atá ann. Tá “éifeacht reachtúil” ag na rialacháin atá á mbreithniú. Gan iarracht a dhéanamh sainmhíniú chríochnúil a thabhairt ar “éifeacht reachtúil”, is léir go bhfuil éifeacht ag rialachán den sórt sin amhail is dá mba reacht a bhí ann. Tugann sé stádas speisialta don rialachán. Fágtar, mar iarmhairt a leithéid de stádas, gur cheart déileáil leis amhail is dá mba reacht den Oireachtas a bhí ann. Tá an stádas céanna ag gabháil leis agus a ghabhann le hAcht den Oireachtas. Mar sin, agus an modh inar féidir é a leasú a bhreithniú, ní mór féachaint air agus aird tugtha don stádas reachtúil seo. Mar thoradh ar stádas den sórt sin a bheith aige, níl ann ach amháin an tOireachtas atá in ann na rialacháin sin a leasú. Ní féidir reachtanna an Oireachtais a leasú le rialacháin leo féin - gan forálacha sainráite bunreachtúla ina leith a bheith ann.”

70. Is léir, mar sin, go bhfuil an stádas dlí céanna sin ag ionstraimí reachtúla arna ndéanamh faoi alt. 3 d’Acht 1972 a leasaíonn reachtanna eile amhail is dá mba reachtanna iad. Ní gá, dar liom, teorainneacha na forála áirithe reachtúil seo a chinneadh. Is é an rud atá ríthábhachtach chun na críocha reatha, ná, i gcás a ndéantar le hionstraimí reachtúla den sórt sin faoi alt. 3 d’Acht 1972 Achtanna eile den Oireachtas a leasú, go bhfuil an éifeacht chéanna le reachtanna tugtha dóibh chun gach críche praiticiúla.

71. Is léir, ar ndóigh, nach raibh ionstraim reachtúil – fiú ceann a raibh éifeacht reachtúil tugtha dó – riamh ina Bille ar tíolacadh don Uachtarán chun í a shíniú agus a fhógairt mar “dhlí de réir forálacha an Airteagail seo” chun críocha Airteagal 25.1 an Bhunreachta. Ní fhéadfaí a rá ach oiread, mar shampla, go mbeadh sé indéanta ar bhealach éigin don Uachtarán ionstraim reachtúil den sórt sin a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí faoi Airteagal 26 den Bhunreacht mar Bhille. Fágtar, mar gheall air sin uile, nach féidir a leithéid d’ionstraim reachtúil a mheas mar Bhille arna shíniú ag an Uachtarán chun críocha Airteagal 25.4.1. I dtéarmaí alt. 3, ní dhéantar ionstraim reachtúil arna déanamh faoina forálacha a mheas mar Acht den Oireachtas cé go bhfuil sé le feidhmiú agus le héifeacht a bheith aige amhail is dá mba reacht í arna fhógairt amhlaidh.

72. Sna himthosca seo, ní fhéadfaidh ceanglais Airteagal 25.4.4 a lena n-éilítear aistriúchán ar Bhille arna shíniú go cuí ag an Uachtarán i gceann de theangacha oifigiúla an Stáit, feidhm a bheith acu, sa bhrí sin, maidir le hionstraim reachtúil den sórt sin: féach, e.g., trácht a rinne Macken B. in Ó Murchú v. An Taoiseach [2010] IESC 26, [2010] 4 I.R. 484 ag lch. 510: “Dréachtaíodh Airteagal 25 chun déileál le comhthéacs áirithe. Seo é an scéim nó an próiseas trína déantar billí, arna rith ag dhá Theach an Oireachtais, a thíolacadh lena chur de lámh ag an Uachtarán, , na teorainneachta ama atá i gceist leis sin, agus an mheicníocht trína bhfógraítear ina ndlí Achtanna an Oireachtais. Ní haon iontas é mar sin, nach gcuirtear reachtaíocht thairmlighte i bhfoirm ionstaimí reachtúla san áireamh laistigh dá scóip.”

73. Tráth ar achtú an Bhunreachta i 1937 ní raibh ach aon shásra amháin ann trína bhféadfadh beart stádas dlí príomhaigh an Stáit a bhaint amach, is é sin, Bille a rith trí dhá Theach an Oireachtais agus é a bheith shínithe ag an Uachtarán. Ach is cosúil go raibh sé ar intinn sa Bhunreacht go mbeadh ag gach beart reachtaíochta – is cuma cén bunús beacht a bheadh ag gabháil leo, go díreach – a bhfuil an stádas céanna acu agus an stádas atá ag Acht den Oireachtas mar phríomhdhlí an Stáit ar fáil sa dá theanga oifigiúla. D’fhéadfadh sé a bheith mar thoradh mar thoradh ar aon dearcadh eile, ar toradh áiféiseach nó míloighciúil é, nach bhfuil aon oibleagáid ann a chinntiú go bhfuil téacs ceart agus nuashonraithe de reachtaíocht phríomha an Stáit ar fáil de réir an tsainordaithe bhunreachtúil. Ní mór, mar sin, gurb é an léirmhíniú ceart ar an gcoinníoll bunreachtúil, má athraítear an téacs príomhúil trí reachtaíocht thánaisteach a rinneadh faoi alt. 3 d’Acht 1972, go mbeadh an téacs nuashonraithe agus leasaithe ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge araon.

74. Ach, mar sin féin, ós rud é gur thángamar isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (an tAontas Eorpach sa lá atá inniu ann) i mí Eanáir 1973, is gnáthrud é an reachtaíocht phríomha a leasú le hionstraim reachtúil arna ceapadh chun éifeacht a thabhairt do cheanglais dhlí an Aontais Eorpaigh. Seasadh le bunreachtúlacht an nós imeachta reachtaigh speisialta seo mar rud atá “riachtanach” de bharr oibleagáidí bhallraíocht an Aontais chun críocha Airteagal 29.4.6: féach Meagher v. Minister for Agriculture & Food [1994] 1 I.R. 329. San fhírinne, mar sin, tá forálacha áirithe den Bhunreacht – amhail, go háirithe, ceanglais Airteagal 15.2.1, lena n-ainmnítear an tOireachtas mar an t-aon eintiteas amháin a bhfuil cumhacht eisiach reachtaíochta aige – leasaithe pro tanto go hintuigthe le hAirteagal 29.4.6, sa mhéid is go gcaithfidh a riachtanais bhunaidh géilleadh anois do riachtanais na ballraíochta.

75. Is fíor é a rá, ar ndóigh, gur luaigh Macken B. in Ó Murchú – mar atá feicthe againn – nach raibh dualgas bunreachtúil ar bith ann ionstraimí reachtúla a aistriú. Cé go bhfuil an ráiteas sin ceart, ar ndóigh, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nár bhain an cás sin le cás an-speisialta na n-ionstraimí reachtúla arna ndéanamh faoi Acht 1972, a bhfuil d’éifeacht acu dlí príomhúil an Stáit a leasú – is é sin le rá Achtanna an Oireachtais a leasú

– a bhfuil oibleagáid bhunreachtúil sainráite ann aistriúchán a dhéanamh díobh.

76. Ní mór glacadh leis go bhfágtar dá réir, mar gheall air sin uile, nach mór ceanglais Airteagal 25.4.4 a chur i bhfeidhm ar ionstraimí reachtúla a leasaíonn dlí príomhúil an Stáit, toisc go gcuirfeadh aon chonclúid eile léirmhíniú comhleanúnach ar na forálacha bunreachtúla seo i mbaol. Bealach eile chun é sin a rá ná gurbh é bunchuspóir Airteagal 25.4.4, agus gurb é bunchuspóir aige fós, ná go gcaithfidh dlí príomhúil an Stáit a bheith ar fáil don phobal sa dá theanga oifigiúla an Stáit. Más é éifeacht Airteagal 29.4.6 bunús bunreachtúil a chur i gcrích le haghaidh sásra nua, lena bhféadfaí dlí príomhúil an Stáit a leasú le hionstraim reachtúil, sa chás sin caithfidh sé a bheith mar chomhthoradh – má táimid chun fanacht dílis do bhunchuspóir sin de chuid Airteagal 25.4.4 – go bhfuil oibleagáid ar an Stát aistriúchán oifigiúil ar aon ionstraimí reachtúla lena leasaítear an dlí príomhúil sin a sholáthar.

77. Dá réir sin, dhéanfainn dearbhú go bhfuil sé d’oibleagáid ar na freagróirí aistriúchán ar na hionstraimí reachtúla sin atá sainaitheanta agus arna ndéanamh faoi alt. 3 d’Acht 1972 chomh fada agus – agus sin an méid – a leasaíonn siad dlí príomhúil an Stáit. Níor cheart go mbeadh an cinneadh seo ina chúis le faoiseamh breise a fháil, ann féin, áfach. Ós rud é go bhfuil Béarla breá líofa ag an tríú freagróir ainmnithe san achomharc, níl aon chúis, mar shampla, srian a chur leis an éisteacht ó bhéal sa chás seo. In aon chásanna eile a bheidh ann as seo amach, sa chás gur léir é gur theip ar an Stát maidir leis an dualgas bunreachtúil seo, beidh sé leordhóthanach dearbhú dá réir sin a thabhairt in éagmais fianaise shoiléir agus dhian a bheith ann maidir le claontacht aon duine de na hiarratasóirí.

Catagóir 3: Cineálacha eile d’ionstraimí reachtúla

78. Agus anois táim chun díriú ar an tríú catagóir de bhearta reachtacha, eadhon, na hionstraimí reachtúla eile atá i gceist sna himeachtaí seo. Is ionstraimí reachtúla iad go léir a bhaineann leis an bpróiseas ceannaigh éigeantaigh faoi raon d’Achtanna ilchineálacha den Oireachtas ar ionstraimí reachtúla iad nach leasaíonn dlí príomhúil an Stáit. Go héifeachtach, mar sin, áitíonn na freagróirí go bhfuil d’oibleagáid ar na hachomharcóirí aistriúchán a dhéanamh ar ionstraimí reachtúla áirithe atá ainmnithe (seachas iad sin a rinneadh faoi alt 3 d’Acht 1972 agus a leasaíonn dlí príomhúil an Stáit) a bhaineann leis an nós imeachta ceannaigh éigeantaigh: ina measc siúd, áirítear, gan ach cúpla ceann a lua: Rialacháin 2000 (Talamh a Thógaint) um Acht na dTithe, 1966 (I.R. Uimh. 454 de 2000) agus Rialacháin 2000 (Talamh a Thógaint) (Leasú) um Acht na dTithe, 1966 (I.R. Uimh. 320 de 2001).

79. Is léir ón gcinneadh a ndearnadh sa Chúirt seo in Ó Murchú nach bhfuil aon dualgas ginearálta ar an Stát aistriúchán a dhéanamh ar na hionstraimí reachtúla. Sa chinneadh sin, bhí sé curtha in iúl go breá soiléir nach mbaineann ceanglais shonracha Airteagal 25.4.4 ach amháin le hAchtanna an Oireachtais (lena n-áirítear, mar atá díreach feicthe againn, ionstraimí reachtúla arna ndéanamh faoi alt. 3 d’Acht 1972 lena leasaítear Achtanna eile de chuid an Oireachtais). Anuas air sin, mar a chinn an Chúirt seo, níl aon oibleagáid bhunreachtúil ghinearálta forchurtha, le hAirteagal 8, chun aistriúchán den sórt sin a dhéanamh ar an gcatagóir seo d’ionstraimí reachtúla.

80. Is fíor gur chinn an Chúirt seo in Ó Murchú go raibh dualgas bunreachtúil ann, go deimhin, chun aistriúchán ar Rialacha na nUaschúirteanna a chur i gcrích. Mar sin féin is léir go raibh an cinneadh seo ceangailte go dlúth leis an gceart bunreachtúil chun rochtain chuí ar na cúirteanna a chinntiú ar mhaithe leo siúd ar mhian leo a dlíthíocht a sheoladh i nGaeilge (mar aon lena gcomhairleoirí gairmiúla). I mo thuairimse féin, ní shílim gur mó an cúnamh do na hiarratasóirí é Ó Murchú sa chás seo. Is ar a cúiseanna seo a leanas a dheirimse é sin:

81. Ar an gcéad dul síos, níl sé tugtha le fios go bhfuil dochar déanta do na freagróirí ar bhealach suntasach mar gheall ar easpa aistriúcháin Ghaeilge ar na hionstraimí reachtúla ábhartha a bheith ar fáil. Níl sé tugtha le fios nach bhfuil Béarla líofa ag an tríú freagróir nó go gcuirfí a comhairleoirí dlí faoi mhíbhuntáiste i ndáiríre, ar aon bhealach, agus iad ag tabhairt aghaidh ar an ordú ceannaigh éigeantaigh os comhair an Bhoird ag an éisteacht ó bhéal sa chás nach raibh leagan Gaeilge ar fáil dá tairbhe.

82. Ar an dara dul síos, d’áitigh abhcóide do na freagróirí, an tUasal Galligan, Abhcóide Sinsearach, gurbh é an fíor-ratio sa chás Ó Murchú ná go raibh aon duine le fíor-leas bona fide chun gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge i dteideal aistriúchán a fháil ar gach ionstraim reachtúil a d’fhéadfadh feidhm a bheith aici maidir leis an tasc nó leis an leas sin. Ach dá mba rud é, áfach, go raibh an ratio in Ó Murchú chomh leathan sin, d’fhágfadh sé sin, san fhírinne, go raibh dualgas ginearálta foráilte ag Airteagal 8, den sórt sin chun gach ionstraim reachtúil a aistriú – tairiscint ar dhiúltaigh an Chúirt seo go sainráite dó – toisc go mbeadh sé indéanta raon ionstraimí reachtúla a bhaineann le gairm nó le gnó ar leith a shainaithint, i mbeagnach gach uile chás. D’fhágfadh sé, mar shampla, go mbeadh feirmeoir déiríochta i dteideal na hionstraimí reachtúla go léir a bhaineann leis an earnáil déiríochta nó fiú leis an earnáil talmhaíochta i gcoitinne a aistriú. D’fhéadfaí an méid céanna a rá, mar shampla, maidir le raon iomlán gairmeacha, ceirdeanna agus fiú leasanna pearsanta.

83. Ar an tríú dul síos, measaim gur cás speisialta agus eisceachtúil é Ó Murchú ar léir é go bhfuil sé ceangailte le riar an cheartais agus le rochtain ar an gceartas. Sa mhéid is gur mhaígh Uí Anluain B. a mhalairt, measaim go dtéann sé sin rófhada agus go gcuireann sé ualach iomarcach ar acmhainní aistriúcháin an Stáit atá faoi bhrú uafásach, is léir follasach. Is í an fhíor-riail ná, seachas i gcásanna áirithe atá sách speisialta agus eisceachtúil, nach bhfuil aon oibleagáid ghinearálta ann chun ionstraimí reachtúla a aistriú, seachas amháin iad siúd atá, de bhua a bheith déanta faoi alt 3 d'Acht 1972, tar éis príomhdhlí an Stáit a leasú.

84. Ar an gceathrú dul síos, ní dóigh liom gur féidir a rá go bhfuil na hionstraimí reachtúla atá i gceist ceangailte go bunúsach le riar an cheartais nó le rochtain ar na cúirteanna. Sa mhéid sin, mar sin, tá an cás láithreach éagsúil go leor ón gceist maidir leis na rialacha cúirte a bhí i gceist in Ó Murchú.

Conclúidí

85. Mar chonclúid, mar sin, ar na cúiseanna a bhfuil mé díreach tar éis a lua, dhaingneoinn cinneadh Uí Anluain B. sa mhéid is gur chinn sí go raibh moill míréasúnta ar na freagróirí (san Ard-Chúirt, na hachomharcóirí sa chúirt seo) le haistriúchán an Achta um Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2018 a sholáthar.

86. Dhaingneoinn cinneadh Uí Anluain B. freisin sa mhéid is gur chinn sí go raibh oibleagáid bhunreachtúil ann aistriúchán a dhéanamh de na hionstraimí reachtúla sin arna ndéanamh faoi alt. 3 d’Acht 1972 agus lena leasaítear Achtanna an Oireachtais agus ar chuid de dhlí príomhúil an Stáit iad dá réir. In éagmais fianaise shoiléir agus dhian a bheith ann maidir le claontacht, ní foras ann féin é gur theip ar an Stát ceanglais Airteagal 25.4.4 den Bhunreacht a chomhlíonadh trí mhainneachtain aistriúcháin den sórt sin a sholáthar go tráthúil chun ceart a thabhairt do dheonú aon fhaoiseamh breise, amhail, mar shampla, urghaire chun srian a chur leis an éisteacht ó bhéal atá beartaithe.

87. Dhéanfainn an t-achomharc a cheadú, áfach, sa mhéid a chinn Uí Anluain B. go raibh sé de dhualgas ar na hachomharcóirí aistriúchán a dhéanamh ar na hionstraimí reachtúla ainmnithe eile atá leagtha amach sa Sceideal dá hordú dar dáta an 18 Lúnasa 2021. Seachas amháin stádas speisialta ionstraimí reachtúla arna ndéanamh faoi alt. 3 d’Acht 1972, a leasaíonn Achtanna an Oireachtais, níl aon oibleagáid ghinearálta ar na freagróirí ionstraimí reachtúla a aistriú.