Legislator Case Law & Legislation
IEHC 816 ECLI:IE:HC:2018:816 AI generated

High Court dismisses appeal regarding Irish language court rules translation and urine test form availability.

Case Number IEHC 816
Court / Authority
Jurisdiction Ireland (IE)
Decision Date
Outcome Dismissed

Legislator summary

AI generated

The High Court dismissed the applicant's appeal against a refusal of judicial review, finding no valid ground to challenge the English-only provision of the court rules. The applicant argued that the lack of an Irish translation of the urine test form violated his language rights, while the State contended the rules were available in Irish and the English version was sufficient for the trial. The court ruled that the rules were already accessible in Irish and that the procedural outcome did not infringe upon the applicant's rights.

Legislator headnote

AI generated

Rules of Court Act 1981; Irish Language Act 2015: The availability of court rules in the Irish language satisfies the State's obligation, and a refusal of judicial review based solely on the English-only provision of a specific form does not constitute a violation of language rights.

Keywords

AI generated
Irish language rights Rules of Court Act judicial review refusal procedural fairness state obligation

Cited Legislation

AI generated
Rules of Court Act 1981
Irish Language Act 2015

Cited Case Law

AI generated

Need to analyze how this precedent applies to your matter?

Cross-reference this judgment against statutes, commentaries, and subsequent citing case law inside Legislator AI.

Open in Legislator →

Full text

[2018] IEHC 816

AN ARD-CHÚIRT

ATHBHREITHNIÚ BREITHIÚNACH

Uimhir Taifid: 2014/754 JR

Idir/

Donnchadh Ó Cuinn

Iarratasóir

Agus

An Taoiseach, An tAire Dlí agus Cirt agus Comhionnannais, An tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Éire agus An tArd-

Aighne, agus an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí

Freagróirí

Breithiúnas an Phríomh-Bhreithimh ag suí mar Bhreitheamh na hArd-Chúirte tugtha ar an 25ú lá de Iúil 2018

1. Réamhrá agus Saincheisteanna

1.1 Baineann an cás seo, agus ní don chéad uair, le hidirghníomhú an dlí bainteach le tiomáint ar meisce agus ceisteanna maidir le

hinfhaighteacht doiciméid ábhartha as Gaeilge. Go bunúsach tá shá shaghas shaincheist a thagann chun cinn. Baineann an chéad

cheann le hinfhaighteacht aistriúcháin go Gaeilge de Rialacha Cúirte éagsúla. Sna heachtraí atá tar éis tarlú, is amhlaidh go

mbaineanna na saincheisteanna seo go mórmhór le ceisteanna faoi thráthúlacht mar tá sé soiléir, gur aistríodh go Gaeilge gach nó

nach mór gach ceann de na Rialacha Cúirte ábhartha go raibh tagairt ann dóibh sa ráiteas chun an t-iarratas a fháil don athbhreithniú

breithiúnach sa chás seo, sula raibh aon ionchúiseach féidearthach den iarratasóir (“an tAth. Ó Cuinn”) le haghaidh tiomáint ar meisce

i gceist. Bíodh sin mar atá, is amhlaidh go bhfuil an tAth. Ó Cuinn ag agóint fós go bhfuil sé i dteideal dearbhaithe maidir le

neamhláithreacht tosaigh d’aistriúcháin Ghaeilge de na doiciméid atá i gceist.

1.2 Baineann an dara shaincheist leis an bhfíric gur tugadh cóip Bhéarla amháin den asphrionta riachtanach atá le tabhairt amach sa

chás go ndéantar tástáil anála le gléas anáileadáin ar dhuine, don Ath. Ó Cuinn. Ó éisteacht an cháis seo, tá an Chúirt Uachtarach tar

éis breithiúnas a thabhairt i DPP v. Avadenei [2017] IESC 77. Ar a laghad tháinig an breithiúnas sa chás sin ar réiteach cinnitheach ar

go leor de na saincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith tar éis teacht aníos go teoiriciúil faoin dteideal sin. Dá bhrí sin, baineann na

ceisteanna a thagann aníos faoin dteideal sin go bunúsach leis an saincheist maidir le haon rud a bheith fágtha le cinneadh a

dhéanamh faoi ó tharla Avadenei. Beartaím deighleáil leis an dá shaincheist ceann ar cheann.

2. An Chéad Shaincheist

2.1 Maidir leis an gcéad shaincheist, tá sé soiléir go bhfuil roinnt tábhachta ag baint le ord na n-imeachtaí agus sa chomhthéacs sin tá

sé oiriúnach Rialacha Cúirte speiciseacha a bhí i gceist faoin am go raibh éisteacht an cháis ar siúl a aithint. Sa chomhthéacs sin ní

mór a aithint go raibh roinnt mearbhaill sa chomhfhreagras idir an dlíodóir ag tabhairt ionadaíochta don Ath. Ó Cuinn agus na húdaráis

ábhartha maidr le rialacha áirithe a cuireadh ar fáil in aistriúchán Gaeilge agus cathain. Tá sé féidearthach go deimhin go bhféadfadh

an mearbhall seo a bheith ábharach maidir le ceist na gcostas mar, sa mhéid is go bhféadfadh gur chuir na húdaráis ábhartha leis an

mearbhall sin, d’fhéadfadh an méid céanna tús na n-imeachtaí a fhírinniú.

2.2 Sa mhéid is go mbaineann sé le na fíorcheisteanna a thagann aníos sa chás seo, tá sé tábhachtach a aithint gur bhraith an ráiteas

forais a tionscnaíodh ar son an tAth. Ó Cuinn ar neamhláithreacht aistriúchán Gaeilge de na rialacha seo leanas a leagtar amach i

sceideal don ráiteas forais:

1. R.I. Uimh. 94 de 2010: Cúirt Dúiche (An tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach) 2008) Rialacha 2010

2. R.I. Uimh. 39 de 2012: Cúirt Dúiche (Fíneálacha) Rialacha 2012

3. R.I. Uimh. 99 de 2013: Cúirt Dúiche (Taifeadh ar Imeachtaí) Rialacha 2013

4. R.I. Uimh. 17 de 2014: Tairiscint Fianaise/Seirbhís doiciméid in imeachtaí coiriúla

Cuireadh béim freisin, ag ailt. 5 agus 6 den ráiteas forais ar neamhláithreacht aistriúchán Gailge de R.I. 141/2011. Is é seo an tOrd

Iompair (Athrú Ainm na Roinne agus Teideal an Aire) 2011. D’athraigh an gléas sin teideal an Aire a bhí i dteideal reachtaíocht

thánaisteach a dhéanamh faoi Achtanna Tráchta ar Bhóithre éagsúla.

2.3 Ní mór a rá go bhfuil sé soiléir go bhfuil an tagairt sa sceideal ábhartha don Ionstraim Reachtúil 17 de 2014 mícheart. Is é an

teideal ceart don Ionstraim Reachtúil sin ná Rialacha Cúirte Dúiche (Nós Imeachta) 2014. Mar is léir óna ainm bhain na rialacha sin le

nósanna imeachta sibhialta amháin agus níl aon bhaint acu le hionchúiseach coiriúil ar nós mar atá i gceist leis na himeachtaí seo. In

aighneachtaí athbhreithnithe a tionscnaíodh don ath-éisteacht don chás seo, aithníodh nách raibh aon bhaint ag R.I. 17 de 2014 leis

na himeachtaí coiriúla seo agus tugadh le fios nách raibh aon chás á leanúint maidir le seo.

2.4 I rith na héisteachta, rinneadh tagairt do rialacha áirithe eile a dúradh, a d’fhéadfadh a bheith ábharach in ionchúiseamh coiriúil dá

leithéid seo. Feictear domsa áfach go raibh na himeachtaí seo bainteach leis an gcás a rinneadh sa ráiteas ar na forais amháin, a bhí

mar ábhar ag an gcead chun athbhreithniú breithiúnach a thabhairt. Sna cúinsí sin, feictear domsa go mba cheart dom plé leis an

gceist ar cheart dearbhú a thabhairt i leith na rialach atá fágtha a aithníodh thuas.

2.5 Sa chomhthéacs sin tá sé riachtanach an t-am ar cuireadh aistriúchán Gaeilge de de na rialacha sin ar fáil a shonrú.

R.I Sínithe Aistriúchán ar Fáil

94 de 2010 8ú Márta 2010 Feabhra 2015

39 de 2012 5ú Feabhra 2012 Meán Fómhair 2014

99 de 2013 23ú Márta 2013 Meán Fómhair 2014

17 de 2014 27ú Eanáir 2014 Meitheamh 2016

2.6 Ní mór na dátaí ar cuireadh na haistriúcháin Ghaeilge ábhartha ar fáil a fheiscint i gcomhthéacs ord na n-imeachtaí a chríochnaigh

le hionchúiseamh an tAth. Ó Cuinn.

2.7 Is í an líomhain ná go raibh an tAth. Ó Cuinn ciontach den chion tiomáint ar meisce ar an 29ú Márta 2014. Dealraíonn sé ansin gur

chuir an Garda Marcus J. O’Dowd as Leitir Ceanainn iarratas isteach ar an 27ú Aibreán 2014 go dtí an tAonad Riaracháin Próiseála

Lárnach ar son an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí le haghaidh toghairm leis an gcion ábhartha líomhnaithe. Thug an toghairm, a bhí i

mBéarla, le fios go gcuirfí an cion ábhartha ina leith an tAth. Ó Cuinn (a bhí ainmnithe i mBéarla freisin) “Letterkenny No. 1, the

Courthouse, Letterkenny, Co. Donegal” agus go dtarlódh sé seo ar “13 Oct 2014 at 10:30”.

2.8 Bhí an toghairm atá i gceist dátaithe ar an 12ú Bealtaine 2014.

2.9 Ní mór a aithint gur cuireadh na himeachtaí roimh na Cúirte Dúiche ar athló ar an 13ú Deireadh Fómhair 2014 go dtí an 19ú Eanáir

2015 ach idir an dá linn cuireadh tús le himeachtaí an athbhreithniú bhreithiúnaigh seo le hiarratas chun cead imeachta le haghaidh

athbhreithniú breithiúnach tugtha ag MacEochaidh B. ar an 17ú Nollaig 2014.

2.10 Ar mhaithe le comhláine, ba chóir a aithint gur éist O’Hanlon B. le himeachtaí san Ard-Chúirt ar dtúis (Ó Cuinn v. An Taoiseach &

ors [2015] IEHC 794) agus bhíodar mar ábhar ag achomharc go dtí an Chúirt Achomhairc. Níl aon chúntas scríofa ar bhreithiúnas na

Cúirte Achomhairce.

2.11 Dhiúltaigh an Chúirt Achomhairc do chinneadh na hArd-Chúirte áfach agus sheol said an t-ábhar ar ais le haghaidh a thuilleadh

éisteachta sa Chúirt seo. Níl na cúiseanna gur ghlac an Chúirt Achomhairc leis an gcur chuige seo bainteach leis na saincheisteanna a

thagann aníos sa chás seo níos mó, agus mar sin, níl sé riachtanach tagairt níos mó a dhéanamh do sin. Míníonn sé, áfach, cén fáth

gur thóg sé chomh fada don chás seo seo a bheith mar ábhar an bhreithiúnais seo.

2.12 Ón insint thuas tá sé soiléir faoin am gur cuireadh tús leis na himeachtaí san athbhreithniú breithiúnach seo i Nollaig 2014, bhí

aistriúchán Gaeilge ar fáil den dá Rialacha Cúirte Dúiche ábhartha go ndéantar tagairt dóibh sa Sceideal don ráiteas ar na forais. Ní

raibh aistriúchán d’Ionstraim Reachtúil 94 de 2010 (An tAcht um Cheartas Coiriúil 2008 (Cúnamh Frithpháirteach)) Rialacha 2010 le fáil

go dtí an 12ú Feabhra 2015 beagnach dhá mhí i ndiaidh tosú na n-imeachtaí. Bhí an toghairm i gcoinne an tAth. Ó Cuinn ag cur

tiomáint ar meisce ina leith curtha ar athló go dtí an Eanáir dár gcionn (Eanáir 2016). Dá bhrí sin, sa chomhthéacs sin, bheadh fáil ag

an tAth. Ó Cuinn agus a chomhairleoirí ar gach ceann de na leasuithe sin do Rialacha Cúirte Dúiche le haghaidh comhairle agus

cosaint. An t-aon shaincheist a d’fhéadfadh teacht aníos, mar sin, isea cíbe má tá sé fós oiriúnach sna cúinsí sin, dearbhú a thabhairt.

2.13 Maidir leis an Ionstraim Reachtúil 141/2011, glacaim leis an seasamh glactha ar son Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí sa Ráiteas Cur i

gCoinne. Ní raibh an Ionstraim Reachtúil seo ábhartha in aon slí substaintiúil do na himeachtaí faoi thiomáint ar meisce ar feitheamh

roimh na Cúirte Dúiche. An t-aon rud a rinne an Ionstraim Reachtúil ábhartha ná ainm agus teideal nua na Roinne agus an Aire

bainteach le hábhar a athrú. Go deimhin, tá sé soiléir go sonraíonn Rialúchán (3) den ord teideal an Aire trí thagairt do leagan Gaeilge

agus leagan Béarla. Sna cúinsí sin ní fheictear domsa go dtiteann an Ionstraim Reachtúil seo laistigh de scóip dlí-eolaíocht na

gcúirteanna a theastaíonn go mbeadh Rialacha Cúirte aistrithe go Gaeilge chun páirtithe a eascú maidir lena ngó leis na cúirteanna a

dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Aon t-aon éifeacht a bhí leis an Ionstraim Reachtúil seo ná gur athruigh sé teideal an Aire a rinne

rialúcháin foai Achtanna Tráchta maidir le foirmeacha a d’fhéadfadh go mbeadh gá iad a thabhairt do dhaoine a theip orthu sa tástáil

anála.

2.14 Cé go bhfuil discréid leathan ag na cúirteanna chun dearbhaithe a thabhairt i gcásanna oiriúnacha, tá sé tábhachtach a shoiléiriú

nár cheart dearbhaithe a dhéanamah ach amháin má tá feidhm údáideach leo. Gan amhras, is amhlaidh go stiúrfar fócas príomhúil

athbhreithnithe breithiúnacha, cosúil leo siúd ina bhfuil an Chúirt páirteach ann faoi láthair, i dtreo bac ar ionchúiseamh dul ar aghaidh

nó, ar a laghad, moill a chur ar ionchúiseamh go dtí go dtógfar céimeanna áirithe, cosúil le, i gcomthéacs an cháis seo, rialacha

ábhartha a chur ar fáil i nGaeilge.

2.15 Mar a tugadh le fios níos luaithe áfach, faoin am gur tharla éisteacht an cháis atá romham, ní raibh aon mholadh go mba cheart

bac a chur le na himeachtaí de bharr neamhláithreacht aistriúchán Gaeilge nó aon rialacha ábhartha mar, faoin am sin, bhí aistriúchán

Gaeilge ar fáil do na na rialacha ar fad a bhí i gceist. Sa chomhthéacs sin, ní mór an cheist a chur cíbe feidhm úsáideach a bhain le

dearbhú a dhéanamh. Ghlac Abhcóide don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, ar a laghad chomh fada is a bhain leis an gcéad trí leasú do

na rialacha a bhí i gceist, leis go raibh oibleageáid ann na rialacha sin a sholáthar trí Ghaeilge. Dá bhrí sin, níl aon ghá le dearbhú a

dhéanamh chun an oibleagáid sin a bhunú. Ina theannta sin, tá neart cásdlí ó na hUaschúirteanna a shoiléiríonn go bhfuil oibleagáid

ann Rialacha Cúirte a sholáthar as Gaeilge.

2.16 Ciallaíonn san nách bhféadfadh aon fheidhm úsáideach a bheith le dearbhú ginearálta eile a dhéanamh maidir leis an oibleagáid

chun Rialacha Cúirte a sholáthar as Gaeilge, agus ar an dul céanna, ní fhéadfadh aon fheidhm úsáideach, i gcomhthéacs na rialach

speiciseacha ábhartha, a bheith le haon dearbhú a dhéanamh leis an dtoradh go mbeadh na rialacha speiciseacha sin aistrithe go

Gaeilge sula bhféadfadh aon iochúiseach a tharlú maidir leis an tAth. Ó Cuinn. Is amhlaidh go mbeadh cúrsaí an-difriúil dá mba rud é

nach raibh aon cheann de na saincheisteanna a bhí i gceist ar fáil i nGaeilge, ar ócáid na héisteachta roimh an Ard-Chúirt. Anuas ar

sin, da mba rud é nách raibh aon cheann de leasuithe na rialach sin ar fáil trí Ghaeilge ag tús na n-imeachtaí, sa chás sin is amhlaidh

go mbeadh fírinniú leis na himeachtaí ar a laghad go dtí an t-am a bheadh fáil ar aistriúchan Gaeilge.

2.17 De bharr na gcúiseanna sin, nílim den tuairim go bhféadfaí aon rud a bhaint amach trí aon dearbhú a dhéanamh i leith na trí ábhar

sin agus ní mholaim dearbhú dá leithéid a dhéanamh. Mar a sonraíodh níos luaithe níor coinníodh leis an gcúram maidir le R.I. Uimh. 17

de 2014.

2.18 De bharr na gcúiseanna sin, ní mholaim aon dearbhú a dhéanamh den saghas atá á lorg ar son an tAth. Ó Cuinn agus mar sin

diúltaim aon ordú a dhéanamh ar a shon i leith na céad saincheiste. Tugaim aghaidh mar sin ar an dara shaincheist.

3. An Dara Saincheist

3.1 Mar a sonraíodh níos luaithe, bhí an tsaincheist a thagann aníos faoin teideal seo mar ábhar bhreithiúnais na Cúirte Uachtaraí in

Avadenei.

3.2 Tá achoimre ar chonclúidí na Cúirte Uachtaraí sa chás sin le fáil sna hailt dheireanacha de bhreithiúnas O’Malley B., ag scríobh don

Chúirt. Bhain an chéad cheist a pléadh le léamh na reachtaíochta ábhartha ag rialú an fhoirm ar cheart a thabhairt do dhuine tar éis

dóibh a dtástáil análá le gléas anáileadáin a dhéanamh (R. 13(2) den Acht Tráchta 2010). De réir na forála seo ní mór do bhall

ábhartha an Gharda Síochána dhá ráitis chomhionainn a sholáthar don duine atá bainteach leis an scéal. Tugtar foirm fhororduithe ar

seo.

3.3 Tá an fhoirm fhororduithe go ndéantar tagairt di sa roinn sin foráilte san Acht Tráchta 2010 Rialacha (Foirm Fhororduithe agus

Modh na Ráiteas) 2011 (R.I. 541/211). Tá sé foráilte i Rialúchán 3 den Acht sin go bhfuil an fhoirm le bheith leagtha amach sa Sceideal

don Rialúcháin. Leagann an Sceideal amach leagan Béarla agus Gaeilge den eolas ar cheart a chur in iúl.

3.4 Sna cúinsí sin, rinneadh O’Malley B. an cinneadh deiridh go “a straightforward literal reading of the regulations indicates that the

form should have contained the Irish language version ”.

3.5 Rinne an Chúirt breithniú ansin áfach, cíbe an bhféadfaí r. 12 den Acht Léiriúcháin 2005 a chur i bhfeidhm. Rinne Edwards B.

breithniú ar éifeacht r. 12 ar dtúis, ag scríobh go dtí an Chúirt Achomhairc, ag stáitse níos luaithe in Avadenei. Rinne Edwards B. an

cinneadh gur cheadaigh r. 12 cúirt chun neamhaird a dhéanamh ar aon diallas ón bhfoirm fhororduithe “providing it is not a deviation of

substance or is not misleading in content or effect”. Ó fhíricí an cháis, rinne Edwards B. an cinneadh nách raibh éifeacht ábhartha ag

an diallas a tháinig aníos de bharr easpa leagan Gaeilge ar shubstaint an doiciméid.

3.6 Ag scríobh don Chúirt Uachtarach sa chás céanna, rinne O’Malley B., alt. 95, an cinneadh céanna ar deireadh agus mhaígh sé nách

raibh an t-ábhar “… in no way misleading, confusing or unfair. No right of the appellant is violated by its admission. Accordingly,

whether the matter is looked at solely through the prism of the authorities of this type of prosecution or in the light of the general

principles of criminal law, I can see no reason why the form should not be admitted into evidence.”

3.7 Mar sin, ghlac an Chúirt Uachtarach leis an dtuairim gur sháraigh easnamh leagan Gaeilge na rialacha ábhartha go teicniúil, ní

chuireann sé seo cosc ar ghlacadh isteach inneachair ó leagan Béarla amháin chomh fada nách féidir a rá, maidir le fíricí cás aonair, go

mbeadh a leithéid míthreorach nó éagothrom.

3.8 I gcomhthéacs an cháis seo chuir an Chomhairle in iúl don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí go raibh sé róluath ar aon nós chun

iarracht a dhéanamh bac a chur ar imeacht na Cúirte Dúiche i gcoinne an tAth. Ó Cuinn ar an mbunús go mbeadh fianaise a d’fhéadfaí

a thairiscint ina choinne neamh-inghlactha. Bhí substaint suntasach san aighneacht, agus soiléiríonn cinneadh na Cúirte Uachtaraí a

lean in Avadenei cén fáth go mbaineann sé le cúrsaí dlí agus cúrsaí cleachtais. Dá mbeadh cás ann ina bhféadfaí a argóint, bunaithe ar

na fíricí, go raibh easnamh leagan Gaeilge éagothrom nó míthreorach, sa chás sin, bheadh gá le fianaise ag an triail a chuirfeadh ina luí

ar bhreitheamh na trialach an méid sin agus mar thoradh, a chuirfeadh ina luí ar bhreitheamh na trialach nách bhféadfaí leithscéal a

dhéanamh don diallas teicniúil doshéanta ó riachtanais an rialúcháin, i gcúinsí an cháis faoi chabaidil, dá réir r. 12 den Acht Léiriúcháin

2005. Ach is ábhar é sin a bheadh gá le triail chun é a shocrú agus ní fhéadfadh sé bheith mar ábhar stailc réamhghabhálach mar

mhodh chun iarracht a dhéanamh bac a chur le triail sa chéad áit.

3.9 Mar shampla, tá an argóint ann go bhféadfaí fadhbanna a chruthú sa chás nách dtabharfaí ach leagan Béarla amháin do chainteoir

Gaeilge nách mbeadh Béarla maith acu.

3.10 Ag leanúint ó sin, bheadh sé go hiomlán míchuí ordú a thabhairt do dhianchosc maidir leis an dara saincheist. Má tá aon seans

ann an argóint a dhéanamh, i gcúinsí an cháis seo, nách bhféadfaí r. 12 den Úsáid Léiriúcháin a úsáid chun an fhadhb theicniúil a

shábháil maidir leis an bhfoirm ábhartha a bheith tugtha don Ath. Ó Cuinn sa leagan Béarla amháin, sa chás sin is ábhar é sin don

Chúirt Dúiche le breithniú bunaithe ar an bhfianaise. Dhiúltóinn, ar an mbonn sin, bac a chur leis an triail ar an mbunús aitheanta sa

dara saincheist.

3.11 Ag leanúint ó sin, i mo thuairim, caithfear diúltiú d’athbhreithniú breithiúnach. Dhéanfainn ráiteas deiridh áfach sula gcríochnóinn

an breithiúnas.

4. Ráiteas Deiridh

4.1 Bhí an cás anseo i leith na foirne ábhartha bunaithe ar neamhchomhlíonadh líomhnaithe le riachtanais reachtúla na nAchtanna

Tráchta agus na rialacha bainteach le sin. Ní dhearnadh aon chás speiciseach bainteach le cearta teangan go ginearálta faoin teideal

seo, bíodh is go raibh cearta teangan chun tosaigh na hargóinte gan amhras maidir leis an riachtanas aistriúchán go Gaeilge a

sholáthar do Rialacha Cúirte, mar is iad cearta teangan a threoraíonn an oibleagáid atá ar an Stát chun leaganacha Gaeilge de

Rialacha Cúirte a chur ar fáil.

4.2 Ní shéanfainn an seans go bhféadfadh cúinsí a bheith ann ina bhféadfadh soláthar foirm reachtúil i leagan Béarla amháin cur

isteach ar chearta teangan bunreachtúla an duine bainteach leis an scéal. Bhrathfadh na cúinsí ina bhféadfadh a leithéid a tharlú go

mór ar fhíricí na heachtra ag leanúint go dtí an fhoirm ábhartha a bheith curtha ar fáil áfach.

4.3 Go praiticiúil, is gá a aithint go ndéanann tromlach suntasach de mhuintir na hÉireann a ngnó ar fad nó nách mór a ngnó laethiúil ar

fad trí mheán an Bhéarla. Ní hé sin le rá nách féidir leo siúd ar mhian leo a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge é sin a dhéanamh,

agus chomh fada agus a bhaineann sé leis an Stát, tá siad i dteideal é sin a dhéanamh. Mar a léirigh mé i mo bhreithiúnas sa Chúirt

Uachtarach áfach, in O’Maicin v. Eire & Chuid Eile [2014] IESC 12, tá difríocht idir an anailís a leanann cás ina bhfuil an coincheap a

bhaineann le triail chothrom á phlé, i gcomparáid le cás ina bhfuil cearta teangan á bplé. Tá duine ar bith i dteideal an fhianaise agus

na himeachtaí a thuiscint i dtriail a bhaineann lena gcearta agus oibleagáidí. Baineann sé seo chomh mór le duine gurb í an Pholainnis

nó an tSínis an teanga dúchais acu agus a bhfuil Béarla teoranta acu agus a bhaineann sé le duine ar cainteoir dúchais Gaeilge iad

agus nách mbraitheann go hiomlán muiníneach sa Bhéarla.

4.4 Nuair a bhaineann sé le cearta teangan áfach, tá breithniúcháin dhifriúla san áireamh. Sa chás sin, ní bhaineann sé le cíbe an féidir

leis an duine aonair na himeachtaí a thuiscint, ach ar tugadh aitheantas ceart do chearta bunreachtúla an duine aonair, faoi

Bhunreacht na hÉireann, chun a ngnó leis an Stát a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Bíodh is nách gcuirfí bac ar bith ar dhuine a ngnó

leis an Stát a dhéanamh trí Bhéarla, fós féin tá siad i dteideal é a dhéanamh trí Ghaeilge.

4.5 Ach d’fhéadfaí ar a laghad an argóint a dhéanamh, ón dtaobh praiticiúil de, ós rud é go bhfuil claonadh suntasach ann maidir le

húsáid an Bhéarla i gcúrsaí laethiúla, nách bhféadfaí oifigeach Stáit a cháineadh go dlisteanach de bharr Béarla a úsáid, ach amháin sa

chás go mbeadh bunús fíriciúil ann a thabharfadh le fios go bhféadfadh gur mhian leis an duine bainteach leis an scéal a ngnó a

dhéanamh trí Ghaeilge. Ní shéanfainn áfach, go bhféadfadh ócáid tarlú ina bhféadfaí cearta teangan a shárú da mba rud é gur bhaith

oifigeach Stáit go raibh sé oiriúnach cuid den ghnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge ach gur dhiúltaigh siad go míréasúnta é seo a

dhéanamh nó socrúcháin a dhéanamh ionas go bhféadfadh duine cumasach go leor sa Ghaeilge an gnó ábhartha a dhéanamh trí mheán

na Gaeilge. Tá sé soiléir áfach, fiú ón anailís ghearr sin, go mbeadh aon bhreithniú ar chúrsaí dá leithéid ag brath go mór ar fhíricí gan

amhras, agus go n-ardódh sé ceisteanna maidir leis na hiarmhairtí ar cheart a bheith ann le haghaidh aon teip. Ní gá go gciallódh sé

mar shampla, nách bhféadfaí duine a chiontú i gceart le haghaidh cion coiriúil dá mba rud é gur sáraíodh a gcearta teangan sa

phróiséas a tháinig roimh an gciontú sin chomh fada is go raibh aon triail a tharla cothrom agus gur deimhníodh a gcearta teangan

chomh fada agus ab fhéidir.

4.6 Déanaim na breathnóireachtaí seo chun a léiriú nár bhain an cás seo, chomh fada is a bhaineann sé le soláthar na bhfoirmeacha

ábhartha go dtí an tAth. Ó Cuinn, le cearta teangan ann féin ach le léiriúchán reachtúil. Fiú dár cuireadh cás ar bun bunaithe ar

chearta teangan, tá sé soiléir ón anailís atá déanta agam go mbeadh cás dá leithéid ag brath go mórmhór ar fhíricí freisin agus go

spreagfadh sé ceisteanna dlíthiúla tábhachtacha nách bhféadfaí a fhreagairt ach i gcomhthéacs na bhfíricí nuair a bheidis aimsithe.

Mar sin, fiú dár cuireadh cás faoi chearta teangan ar bun, ní bheadh sé oiriúnach, i mo thuairim, breithniú a dhéanamh, cíbe ar cheart

bac a chur le triail i gcúinsí an cháis. Go deimhin, ba cheart aon sainheisteanna faoi chearta teangan a thagfadh aníos go fírinneach a

phlé ag triail ionas go bhféadfadh breitheamh na trialach cinneadh ceart a dhéanamh bunaithe ar na fíricí ar fad.

5. Conclúd

5.1 Mar gheall ar na cúiseanna ar fad leagtha amach sa bhreithiúnas seo, ní fheictear dom go bhféadfaí aon chuspóir údáideach a

bhaint amach trí dhearbhú a thabhairt maidir le hinfhaighteacht leaganacha Gaeilge de na Rialacha Cúirte, an chúis gur rinneadh

éileamh le haghaidh athbhreithniú breithiúnach. Bhí na rialacha sin ar fáil i nGaeilge faoin am go bhféadfadh aon triail ionchasach den

Ath. Ó Cuinn tarlú, agus tá na prionsabail ghinearálata maidir leis an oibleagáid atá ar an Stát Rialacha Cúirte a sholáthar i nGaeilge

seanbhunaithe.

5.2 I gcomhthéacs cinneadh na Cúirte Uachtaraí in Avadenei, nílim den tuairim go bhfuil aon bhunús ceart le hiarracht a dhéanamh bac

a chur le triail an tAth. Ó Cuinn ar an mbonn nár soláthraíodh an fhoirm tástáil anála dó ach i mBéarla amháin. Déanaim trácht ghairid

áfach ar an idirghníomhú idir shaincheisteanna bainteach le cearta teangan leis na saghas saincheisteanna a tháinig aníos sna

himeachtaí seo ach i slí a sholéiríonn nách bhféadfadh cearta dá leithéid bac a chur le triail mar seo, bíodh is go bhféadfadh an

poitéinseal a bheith ann, i gcúinsí áirithe, go n-ardófaí na saincheisteanna seo ag triail.